An difríocht idir athruithe ar: "Baile Átha Cliath"

15,034 bytes removed ,  5 bliana ó shin
Replaced content with " |ainmneacha_eile= Dublin |íomhá = Dublin lead image.jpgáid as ''Duibhlinn'' féin go hannamh. === Aeráid === FUCK MY BALLS"
(Replaced content with " |ainmneacha_eile= Dublin |íomhá = Dublin lead image.jpgáid as ''Duibhlinn'' féin go hannamh. === Aeráid === FUCK MY BALLS")
 
{{Bosca Sonraí - Cathracha|
|ainm = my pants
|ainmneacha_eile= Dublin
|íomhá = Dublin lead image.jpgjpgáid as ''Duibhlinn'' féin go hannamh.
=== Aeráid === FUCK MY BALLS
|méid_íomhá = 250px
|teideal_íomhá =
|léarscáil = BaileÁthaCliath.png
|méid_léarscáil = 160px
|coord = {{comhor cn|53|21|N|6|15|W|Thuaidh|Thiar|type:city}}
|tír = {{bratach|Ireland|Éire}}
|ceantar_teideal= Cúige
|ceantar = [[Laighean]]
|teidil_na_gceannairí = Ard-Mhéara
|ainmneacha_na_gceannairí = [[Críona Ní Dhálaigh]] (SF)
|achar = 114.99 km²
|daonra = 527,612
|dlús_daonra = 4,588/km2
|staitistic_eile_teideal = Uimhirphlátaí
|staitistic_eile= D
|líonláithreán = baileathacliath.ie
}}
Is é '''Baile Átha Cliath''' ({{lang-en|Dublin}}) príomhchathair na h[[Éire]]ann, agus é ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá sé suite in oirthear na tíre, cois [[Life]] agus ar imeall [[Muir Éireann|Mhuir Éireann]]. Tá breis is 1.6 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus deirtear go dtiocfaidh borradh agus fás ar an daonra sa todhchaí.
 
== Ainm ==
Dhá áit éagsúla b'iad ''Baile Átha Cliath'' agus ''Duibhlinn'' a bhí gearr do lár na cathrach mar atá go comhaimseartha. Tugtar ''Bleá Cliath'' mar ghiorrúchán ar Bhaile Átha Cliath scaití. Baintear úsáid as ''Duibhlinn'' féin go hannamh.
 
== Stair ==
[[Íomhá:OConnellBridgeDublin.jpg|thumb|left|An [[Life]], [[Cé Eden]] agus [[Halla na Saoirse]].]]
Deirtí gurbh iad na [[Lochlannaigh]] a bhunaigh an chathair sa bhliain [[988]], ach is suntasach gur dhá ainm Gaeilge atá uirthi, agus nach bhfuil aon ainm Lochlannach uirthi. Lean na [[Normannaigh]] ag cur leis an gcathair nuair a tháinig siadsan chuig an tír. Ina dhiaidh sin, leath [[Páil|an Pháil]], an chuid den tír a bhí faoi smacht na nGall, as Baile Átha Cliath amach.
 
Ach in ainneoin cháil ghallda na cathrach, tá go leor fianaise ann go raibh an Ghaeilge á labhairt go flúirseach sa chathair agus go raibh pobal dúchais Gaelach ann go dtí deireadh an 19ú haois ar a laghad, go háirithe i gceantar [[na Saoirsí]]. Bhí ciorcal liteartha Gaeilge cáiliúil le fáil ann a bhí bainteach le [[Seán Ó Neachtain (Scoláire Gaeilge)|Seán Ó Neachtain]] agus a mhac Tadhg sa 17ú agus san 18ú haois agus ba mhór a chuir siad seo le leánn na Gaeilge san Ardchathair.
 
Sa bhliain [[1916]], b'i mBaile Átha Cliath a cuireadh an chuid ba mhó de na cathanna le linn [[Éirí Amach na Cásca]], agus cé gur theip ar an Éirí Amach agus nach mórán tacaíochta a bhí aige ag an am, de réir a chéile d'fhás an cás náisiúnach go dtí gur troideadh [[Cogadh Angla-Éireannach|Cogadh na Saoirse]], agus gur síníodh an [[Conradh Angla-Éireannach]] sa bhliain [[1921]]. Sa chogadh sin, bhí baint mhór ag an gcathair leis an troid. Ba i mBaile Átha Cliath a bhí [[Micheál Ó Coileáin]] agus a Scuad bunaithe freisin. Sa [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha]] ina dhiaidh, thosaigh an troid i mBaile Átha Cliath, sna [[Na Ceithre Chúirteanna|Ceithre Chúirteanna]]. Rinneadh a lán díobhála sa chogadh sin ar fud na tíre agus i mBaile Átha Cliath. Ba é sin an dara huair a scriosadh an chathair. Ina dhiaidh sin, bhí Baile Átha Cliath ina phríomhchathair ar [[Saorstát Éireann|Shaorstát Éireann]] agus ar [[Poblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]].
 
== Rialtas ==
=== Áitiúil ===
Is é [[Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath|Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath]] an t-údarás áitiúil sa chathair. Tá 52 baill sa chomhairle agus tarlaíonn toghcháin gach cúig bhliain. Is é an tArdmhéara ceannaire an Chomairle, duine a chónaíonn sa [[Teach an Ardmhéara]] (Mansion House as [[Béarla]]). Tarlaíonn cruinnithe an Chomhairle i [[Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath]] ach tá na príomhoifigeanna suite ag An gCé Adhmaid.
 
=== Náisiúnta ===
Mar príomhchathair na hÉireann, cuimsíonn Baile Átha Cliath [[Oireachtas]] na hÉireann. Tá trí cuid den Oireachtas ann- [[Uachtarán na hÉireann]], [[Dáil Éireann]] agus [[Seanad Éireann]]. Conaíonn an Úachtarán ag [[Áras an Uachtaráin]] i b[[Páirc an Fhionnuisce]] agus cruinníon an Dáil agus an Seanad sa [[Teach Laighean]] ar [[Sráid Chill Dara]]. Tá Párliamant na hÉireann bunaithe san áit sin ón uair a bhunaigh [[Saorstát Éireann]] i [[1922]].
 
Le haghaidh toghcháin, deighltear Baile Átha Cliath go sé toghlach- [[Baile Átha Cliath Lár]], [[Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart]], [[Baile Átha Cliath Lár-Dheisceart]], [[Baile Átha Cliath Iar-Thuaisceart]], [[Baile Átha Cliath Oir-Dheisceart]] agus [[Baile Átha Cliath Oir-Thuaisceart]]. Roghnaítear 22 [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]] in iomlán.
 
== Leagan Amach na Cathrach ==
:''Féach freisin: [[Liosta sráideanna agus cearnóga i mBaile Átha Cliath]]''
Roinntear an chathair ag [[Abhainn na Life]] ina [[Tuaisceart Bhaile Átha Cliath]] agus ina [[Deisceart Bhaile Átha Cliath]].
 
== Oideachas ==
[[Íomhá:Trinity-college.jpg|thumb|right|Coláiste na Tríonóide]]
Tá trí [[Ollscoil]] ann:
* [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Ollscoil Átha Cliath - (Coláiste na Tríonóide)]], i lár na cathrach
* [[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste na hOllscoile, Bhaile Átha Cliath]] agus í suite i ndeisceart na cathrach
* [[Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath]], suite i dtuaisceart na cathrach.
 
Tá trí institiúid teicneolaíochta ann:
* [[Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath|Institiúid Theicneolaíochta Átha Cliath]]
* [[Institiúid Teicneolaíochta Baile Bhlainséir|Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Bhlainséir]]
* [[Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht|Institiúid Theicneolaíochta Thamhlachta]]
 
== Tíreolaíocht ==
=== Tírdhreach ===
Tá Baile Átha Cliath suite ar achar de 115 ciliméadar cearnach ar bhéal na Life. Tá [[Sléibhte Chill Mhantáin]] mar theorainn aici ó dheas, agus talamh feirme cothrom ó thuaidh agus ó thiar. Tá an chathair roinnte ina dhá leath - [[Tuaisceart Bhaile Átha Cliath]] agus [[Deisceart Bhaile Átha Cliath]] - ag an Life. Roinntear siadsan fosta ag dhá mhionabhainn eile - [[an Tulcha]] a shníonn siar ó thuaidh ó [[Cuan Bhaile Átha Cliath|Chuan Bhaile Átha Cliath]] agus [[an Dothra]] a ritheann siar ó dheas ó bhéal na Life. Tá ceartlár na cathrach timpeallaithe ag [[an Chanáil Mhór]] ó thuaidh agus [[an Chanáil Ríoga]] ó dheas, agus iad ag imeacht siar i dtreo [[An tSionainn|na Sionainne]].
 
=== Aeráid ===
[[Íomhá:ClimateDublinIreland.PNG|right|thumb|Meánteocht (dearg) agus báisteach (gorm) i mBaile Átha Cliath]]
Aeráid fhionnuarmheasartha aigéanach a bhíonn i mBaile Átha Cliath: geimhrí cineálta agus samhraí fionnuara. Ní bhíonn teochtanna as cuimse ann. Ní thiteann móran báistí i mBaile Átha Cliath i gcomparáid le codanna eile den tír mar gheall ar a shuíomh (in oirthear na tíre, faoi scáth [[Sléibhte Chill Mhantáin|shléibhte Chill Mhantáin]]. Is í 8 °C (46.4 °F) an mheánteocht i mí Eanáir agus is í 20 °C (68 °F) an mheánteocht i mí Iúil. Is iad Bealtaine agus Meitheamh na míonna is grianmhara: meán de 6 uair an chloig de sholas na gréine in aghaidh an lae. Is í mí na Nollag an mhí is fliche le 76mm báistí agus is í mí Feabhra an mhí is tirime le 50mm báistí.
 
{{Bosca Aimsire
| metric_first= Yes
| single_line= Yes
| location=Baile Átha Cliath (1961-1990)
|Jan_REC_Hi_°C=
|Feb_REC_Hi_°C=
|Mar_REC_Hi_°C=
|Apr_REC_Hi_°C=
|May_REC_Hi_°C=
|Jun_REC_Hi_°C=
|Jul_REC_Hi_°C=
|Aug_REC_Hi_°C=
|Sep_REC_Hi_°C=
|Oct_REC_Hi_°C=
|Nov_REC_Hi_°C=
|Dec_REC_Hi_°C=
|Year_REC_Hi_°C=
|Jan_Hi_°C =7.6
|Feb_Hi_°C =7.5
|Mar_Hi_°C =9.5
|Apr_Hi_°C =11.4
|May_Hi_°C =14.2
|Jun_Hi_°C =17.2
|Jul_Hi_°C =18.9
|Aug_Hi_°C =18.6
|Sep_Hi_°C =16.6
|Oct_Hi_°C =13.7
|Nov_Hi_°C =9.8
|Dec_Hi_°C =8.4
|Year_Hi_°C =12.8
|Jan_Lo_°C =2.5
|Feb_Lo_°C =2.5
|Mar_Lo_°C =3.1
|Apr_Lo_°C =4.4
|May_Lo_°C =6.8
|Jun_Lo_°C =9.6
|Jul_Lo_°C =11.4
|Aug_Lo_°C =11.1
|Sep_Lo_°C =9.6
|Oct_Lo_°C =7.6
|Nov_Lo_°C =4.2
|Dec_Lo_°C =3.4
|Year_Lo_°C =6.4
|Jan_REC_Lo_°C =
|Feb_REC_Lo_°C =
|Mar_REC_Lo_°C =
|Apr_REC_Lo_°C =
|May_REC_Lo_°C =
|Jun_REC_Lo_°C =
|Jul_REC_Lo_°C =
|Aug_REC_Lo_°C =
|Sep_REC_Lo_°C =
|Oct_REC_Lo_°C =
|Nov_REC_Lo_°C =
|Dec_REC_Lo_°C =
|Year_REC_Lo_°C =
|Jan_Precip_mm = 69.4
|Feb_Precip_mm = 50.4
|Mar_Precip_mm = 53.8
|Apr_Precip_mm = 50.7
|May_Precip_mm = 55.1
|Jun_Precip_mm = 56.0
|Jul_Precip_mm = 49.9
|Aug_Precip_mm = 70.5
|Sep_Precip_mm = 66.7
|Oct_Precip_mm = 69.7
|Nov_Precip_mm = 64.7
|Dec_Precip_mm = 75.6
|Year_Precip_mm = 732.7
|Jan_Snow_cm =
|Feb_Snow_cm =
|Mar_Snow_cm =
|Apr_Snow_cm =
|May_Snow_cm =
|Jun_Snow_cm =
|Jul_Snow_cm =
|Aug_Snow_cm =
|Sep_Snow_cm =
|Oct_Snow_cm =
|Nov_Snow_cm =
|Dec_Snow_cm =
|Year_Snow_cm =
|source= [http://www.met.ie/climate/dublinairport.asp Met Éireann]
|accessdate = Eanáir 2011
}}
 
== Iompar ==
=== Bóthar ===
Is é Baile Átha Cliath an fócas de gréasán bóthair na hÉireann. Tá an mótarbhealach M50 ann chun ceangal a dhéanamh idir bóithre náisiúnta agus áiteanna eile na tíre. Ritheann an M50 timpeall na cathrach, sa deisceart, san iarthar agus sa tuaisceart. Freisin, ceanglaíonn sé [[Calafort Átha Cliath]] agus [[Aerfort Bhaile Átha Cliath]] le chéile.
 
Tá córas iompair iontach sa chathair. Oibríonn [[Bus Átha Cliath]] breis is 200 bealach ar fud na cathrach agus tá [[Bus Éireann]] bunaithe ag [[Busáras]] i lár na cathrach freisin. Taistlíonn busanna BÉ go gach cearn den tír, gach lá.
 
=== Iarnród ===
Is iad [[Stáisiún Heuston]] agus [[Stáisiún Uí Chonghaile]] na príomhstáisiúin sa Bhaile Átha Cliath.
 
Is córas [[Tram]] é an [[Luas]], a eagraíonn Veolia Transport. Tá dhá slí Luas ann i láthair na huaire, ceann amháin ó [[Faiche Stiabhna]] go Gleann Bhríde (an líne glas) agus ceann eile ó [[Teach Sagard]] nó [[Tamhlacht]] go h[[Iosta na Rinne]] (an líne dearg). Anois, níl stáisiún ann atá suite ar an dá línte ach tá pleananna ann chun an staid sin a athrú.
 
== Cultúr ==
=== Spórt ===
Is i mBaile Átha Cliath atá an chuid is mó de ceanncheathrúna na n-eagraíochtaí spóirt suite. Tá [[Cumann Lúthchleas Gael]] lonnaithe i b[[Páirc an Chrócaigh]], staid mór 82,500 suíochán gar do [[Droim Conrach|Dhroim Conrach]]. Tá an pháirc ar an 3ú staid is mó san Eoraip, tar éis Nou Camp Bharcelona agus [[Wembley]] Shasana. Imrítear cluichí móra [[Peil Ghaelach|peile]] agus [[iománaíocht]]a sa staid i rith an tsamhraidh agus ar [[Lá Fhéile Pádraig]].
 
Imríonn foirne iomána agus pheile [[CLG Chontae Bhaile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] an chuid is mó dá gcluichí baile sraithe agus craoibhe i b[[Páirc Parnell]], fód dúchais CLG sa chontae i n[[Domhnach Cearna]].
 
Imríonn [[foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann]] agus foireann sacair [[Foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann|Phoblacht na hÉireann]] sa [[Staidiam Aviva]].
 
Tá cúig chlub sacair as Áth Cliath atá páirteach sa [[FAI League of Ireland|League of Ireland]]. Tá [[Bohemians|Bohemians F.C.]] lonnaithe i mBaile Phib, áit ina bhfuil a pháirc bhaile [[Páirc Cnocán Uí Dhálaigh]] suite. Imríonn [[Shamrock Rovers]] a gcluichí baile sa [[Staid Thamhlachta]] in iardheisceart na cathrach. In [[Inse Chór]] atá [[St Patrick's Athletic F.C.]] lonnaithe, le ceannceathrú acu ag [[Páirc Richmond]]. Tá cumann de chuid [[University College Dublin A.F.C.|an Choláiste Ollscoile]] chomh maith, agus cluichí baile á imirt acu i mBabhla na hollscoile. Imríonn [[Shelbourne Football Club|Shelbourne]] i b[[Páirc na Tulcha|Páirc an Tulcha]] i Droim Conrach.
 
== Turasóireacht ==
Tá stair fhada ag an turasóireacht sa chathair. Tagann an líon is mó turasóirí ó [[SAM|Mheiriceá]] agus ó [[Sasana|Shasana]] agus cé gur laghdaigh na huimhreacha as Meiriceá tar éis [9/11], tá siad ag méadú arís de réir figiúir ó [[Fáilte Ireland]]. Tugtar "baile na míle fáilte" air. Tá na mílte eolairí le fáil ar an idirlín, mar shampla [http://www.dublincity.ie/gaeilge/ Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath]. Mar gheall ar an doineann sa Gheimhridh, tagann an chuid is mó de na turasóirí sa Samhradh agus le linn na bhféilte, mar shampla [[Lá Fhéile Pádraig|Lá 'le Pádraig]].
 
== An Ghaeilge ==
Tá [[Gaeilge Bhaile Átha Cliath|cineál]] ar leith Gaeilge á labhairt i mBaile Átha Cliath. Tá 31 gaelscoil agus 8 ngaelcholáiste sa chathair, agus 10,469 dalta ag freastal orthu. Tá trí stáisiún raidió á chraoladh trí mheán na Gaeilge ar fud na cathrach chomh maith, mar atá [[Raidió na Life]], [[Raidió Rí-Rá]] agus [[Raidió na Gaeltachta]]. Tá príomhoifig [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] lonnaithe ar Shráid Fhearchair i ndeisceart na cathrach.
 
Is í [[Gaeltacht na Mí]] an [[Ghaeltacht]] is giorra don chathair, agus í 55 ciliméadar (34 míle) siar ó thuaidh ón chathair.
 
== Nascbhailte ==
Baile Átha Cliath nasctha le háiteanna seo a leanas:
 
*{{bratach|United States}} [[Emmetsburg]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] (1961)
*{{bratach|United States}} [[San Jose]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] (1986)
*{{bratach|United Kingdom}} [[Learpholl]], [[Ríocht Aontaithe]] (1986)
*{{bratach|Spain}} [[Barcelona]], [[An Spáinn]] (1998)
*{{bratach|China}} [[Beijing]], [[An tSín]] (2011)
 
== Bruachbhailte ==
[[Íomhá:OConnellStreet.JPG|thumb|[[Sráid Uí Chonaill]].]]
{| cellspacing="0" cellpadding="0" border="0"
| valign="top" |
* [[Ard Aidhin]]
* [[Baile an Mhuilinn (Baile Átha Cliath)|Baile an Mhuilinn]]
* [[Baile Bhlainséir]]
* [[Baile Bocht]]
* [[Baile Dúill]]
* [[Baile Hearmainn]]
* [[Baile Ghrifín]]
* [[Baile na nGabhar]]
* [[Baile Munna]]
* [[Baile Phib]]
* [[Binn Éadair]]
* [[Briotáis]]
* [[An Chabrach]]
* [[Caisleán Crucha|Caisleán Cnucha]]
* [[An Charraig Dhubh]]
* [[Cill Bharróg]]
* [[Cill Easra]]
* [[Cill Fhionntain]]
* [[Cluain Dolcáin]]
* [[Cluain Tarbh]]
* [[An Chúlóg]]
* [[Domhnach Broc]]
| width="50" |
| valign="top" |
* [[Domhnach Míde]]
* [[Dún Laoghaire]]
* [[Fionnghlas]]
* [[Fionnradharc]]
* [[Glas Naíon]]
* [[Leamhcán]]
* [[Lusca]]
* [[Mullach Eadrad]]
* [[Mullach Íde]]
* [[Port Mearnóg]]
* [[Ráth Eanaigh]]
* [[Ráth Fearnáin]]
* [[Ráth Maonais]]
* [[An Ros, Co. Átha Cliath|An Ros]]
* [[Seantrabh]]
* [[Stigh Lorgan]]
* [[Sord Cholmcille]]
* [[Tamhlacht]]
* [[Teach Mealóg]]
* [[Tír an Iúir]]
|}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.chaptersofdublin.com/ Stair Átha Cliath]
* [http://maps.google.com/maps?q=dublin&hl=en Baile Átha Cliath ar Na Léarscáileanna Google] (as Béarla)
* [http://www.360eire.com/360eire/Laighean/baileathacliath.html Turas Fíorúil 360]
* [http://ionad.org/ Ionad Buail Isteach] ... [http://ionad.org/nuachtathacliath/ Nuacht Átha Cliath]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{Cathracha in Éirinn}}
{{Príomhchathracha an AE}}
 
{{DEFAULTSORT:Baile Atha Cliath}}
[[Catagóir:Baile Átha Cliath| ]]
[[Catagóir:Bailte i gContae Bhaile Átha Cliath]]
[[Catagóir:Bailte le ardeaglaisí in Éirinn]]