An difríocht idir athruithe ar: "Aonad tomhais"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:File:Weights_and_Measures_office.jpg|deas|250px|thumb|Oifig an aonad tomhais]]
Maidir leis an gcuid is mó de na cainníochtaí eolaíocha (mais, [[teocht]], [[tiúchan]], [[sruth leictreach]] is eile) tomhaistear is ionramháiltear iad in aonaid an SI, [[Córas Idirnáisiúnta na nAonad]] (''Système International d'Unités'') a thug an Chomhdháil Ghinearálta um [[Meáchan|Mheáchan]] is Tomhais isteach i [[1960]]. Tá 7 mbunaonad ann: an [[méadar]] (m), an [[cileagram]] (kg), an [[soicind]] (s), an t-[[aimpéar]] (A), an [[ceilvin]] (K), agus an [[mól]] (mol). Is féidir gach cainníocht ábhartha eile a chur i dtéarmaí na mbunaonad seo. Tarlaíonn teaglamaí áirithe go minic, tugtar ainmneacha orthu, agus is aonaid dhíorthaithe iad seo. Mar shampla is é an niútan aonad an fhórsa, agus sainmhínítear é mar seo: m kg s<small><sup>-2</sup></small>. Ó [[1995]] i leith glactar leis an [[raidian]] is an [[stearaidian]] mar aonaid dhíorthaithe. Tá an-chuid aonad eile ann agus, ar chúis stairiúil nó eile, tá sé áisiúil feidhm a bhaint astu: baintear feidhm as an gcalra chun toilleadh fuinnimh i mbianna a thomhas, agus an [[parsoic]] chun faid a thomhas sa [[réalteolaíocht]]. Tá córais eile aonad ann freisin: sean-chóras FPS [[An Bhreatain|na Breataine]] (troigh, punt, soicind), córas CGS (ceintiméadar, gram, soicind), agus córas MKSA (méadar, cileagram, soicind, aimpéar), réamhullmhúchán do chóras an SI.