An difríocht idir athruithe ar: "Ard-dílseacht"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Audiovisual.jpg|deas|200px|thumb|Achadh GallanArd-dílseacht]]
Cur síos ar a ghrinne a atáirgeann córas taifeadta nó atáirgthe an comhartha a taifeadadh leis ar dtús. Mar shampla, i dtaifead ceoil le [[téipthaifeadán]], cruthaítear comhartha leictreonach ón gceolfhuaim le [[micreafón]], le gach [[minicíocht]] sa cheol, 20 Hz-20 kHz, raon na fuaime inchloiste, athraithe chuig comhartha leictreonach ar an minicíocht chéanna le [[Aimplitiúid|haimplitiúid]] atá díreach i gcomhréir le hamplitiúid na minicíochta céanna sa cheol. Aimplítear an comhartha seo. Taifeadtar an comhartha i bhfoirm athruithe ar staid mhaighnéadaithe ábhair mhaighnéadaigh ar an téip. Nuair a athchastar an téip, cruthaítear comhartha leictreonach, aimplítear é, agus athraítear ina fhuaim é le [[callaire]]. Ag gach céim de na próisis seo, is féidir go mbeidh roinnt neamhghrinnis ann. Airítear an neamhghrinneas iomlán in aonad ar a dtugtar ''díchumadh harmónach iomlán''. Nuair a bhíonn luach íseal ag an airí seo i gcóras ar bith, is córas ard-dílseachta é.