An difríocht idir athruithe ar: "Arm tine"

Content deleted Content added
m naisc
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:US_Navy_100714-N-4965F-174_Chief_Mass_Communication_Specialist_Paula_Ludwick,_assigned_to_Fleet_Combat_Camera_Group_Pacific,_shoots_at_a_target_during_a_Navy_Rifle_Qualification_Course.jpg|deas|250px|thumb|Arm tine]]
Ainm ginearálta ar airm bheaga, ó [[Piostal|phiostail]] go [[Raidhfil|raidhflí]]. Thosaigh forbairt na n-arm iniompartha seo sa [[14ú haois|14ú céad]] leis an gcanóin, a phrímeáltaí le [[púdar gunna]], a bhí trom ach iniompartha, ach a d'adhnadh oibreoir eile le lasair. Rinne an t-[[arcabas]] is an raon stiúrach an phrímeáil a [[uathoibriú]] is a shimpliú ina dhiaidh sin, ach bhí gá le lasair fós chun an gunna a scaoileadh. Tháinig an gunna [[cloch thine]] chun foirfeachta sa [[18ú haois|18ú céad]] le luamhán, ualaithe le lingeán, chun greim a choimeád ar an gcloch thine chun spréach a dhéanamh leis an lucht tiomáinteach a adhaint. Mar thoradh air seo, tháinig piostail is [[Muscaed|muscaeid]] in úsáid go forleathan sa chogaíocht. Tháinig an glas buailte, a d'úsáid casúr ar lucht féinchoinnithe i mbairille an ghunna, chun cinn sa [[19ú haois|19ú céad]]. Sa [[20ú haois|20ú céad]] rinneadh an-chuid forbairtí ar dhearadh is ábhair déanta na ngunnaí, agus tháinig airm tine le scaoileadh marthanach uathoibríoch chun cinn. Faoi seo tá tíortha is cathracha ar fud [[An Domhan|an Domhain]] buartha go mór faoi úsáid mharfach neamhdhleathach gunnaí ar na sráideanna.