An difríocht idir athruithe ar: "Astaíocht leictreamaighnéadach"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Onde_electromagnetique.svg|deas|250px275px|thumb|Astaíocht leictreamaighnéadach]]
Bíonn réimsí leictreacha is maighnéadacha forleathan i saol an lae inniu. Gach uair a ritheann [[sruth leictreach]] i ngléas ar bith (línte tarchuir, trasfhoirmeoirí, [[scáileán]] teilifíse nó aon ghléas teaghlaigh leictreach), de bhrí gur sruthanna ailtéarnacha (SA) ar [[Minicíocht|mhinicíocht]] 50 Hz a bhíonn in úsáid sa [[teaghlach]] (60 Hz sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]), réimsí den mhinicíocht seo a bhíonn sa [[timpeallacht]] den chuid is mó. Bíonn minicíochtaí níos mó, is i bhfad níos mó, á tharchur ag mótair leictreacha (suas go dtí na mílte heirts, kHz) agus ag stáisiúin [[raidió]] is teilifíse (na céadta kHz, is fiú na milliúin heirts, MHz). Sa chomhthéacs seo, tugtar minicíocht fhíoríseal ar 50 Hz. Iompraíonn na réimsí athraitheacha seo [[fuinneamh]] leictreamaighnéadach i bhfoirm toinne, agus tugtar déine na toinne ar an oiread fuinnimh in aghaidh an [[Soicind|tsoicind]] a fhorleathann trí mhéadar cearnach san aer. Laghdaíonn déine na dtonnta seo i gcomhréir leis an bhfad amach ó na sreanga sruthiompartha ar a laghad. Taistealaíonn na tonnta leictreamaighnéadacha ísealmhinicíochta go héasca trí fhíocháin na colainne, agus is féidir leo sruthanna leictreacha a spreagadh sna [[Fíochán|fíocháin]]. Ag minicíocht chomh híseal le 50 Hz is na déiní a fhaightear gar do chonduchtóirí ardteannais, ní fiú an téamh a tharlaíonn sna fíocháin a áireamh, agus is imoibriú ar a dtugtar leictreaspreagadh is mó a tharlaíonn. Ach is lú déine na réimse maighnéadaí agus na réimse leictrí sna fíocháin de bharr an nochta seo ná na déiní logánta sa cholainn de bharr [[bithleictreachas]] na [[Inchinn|hinchinne]] nó an chroí féin. Níl aon eolas, mar sin, ar aon imoibriú tairseachúil a fhéadfaidh tús a chur le drochthoradh sna fíocháin. Mar sin féin tá imní fhorleathan ann, fiú i measc eolaithe is teicneolaithe, go dtarlaíonn a leithéid de dhrochthorthaí — ailse, míchumthaí breithe is eile — de bharr nochtadh fadtréimhseach do na réimsí leictreamaighnéadacha 50/60 Hz, agus tá na húdaráis ag monatóiriú an scéil is ag déanamh [[taighde]] air an t-am ar fad.