An difríocht idir athruithe ar: "Athshondas (meicnic)"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An tslí a gcritheann córas meicniúil as cuimse ag minicíocht ar leith nuair a fheidhmíonn córas nó réad eile air le fórsa ascalach tréimhsiúil. Samplaí ...'
 
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Resonance.PNG|deas|250px|thumb|Athshondas]]
An tslí a gcritheann córas meicniúil as cuimse ag [[minicíocht]] ar leith nuair a fheidhmíonn córas nó réad eile air le fórsa ascalach tréimhsiúil. Samplaí is ea [[cnagadh]] fuinneoige i [[Gluaisteán|ngluaisteán]] de bharr rothlú an innill ag luas áirithe, nó durdam buidéil i [[Cuisneoir|gcuisneoir]] de bharr an mhótair ann. Tá athshondas leictreach ann freisin, is baintear feidhm as ciorcad tiúnta, ar féidir a mhinicíocht athshondach a athrú, i ngléas [[raidió]] nó teilifíse chun tiúnadh don tsainmhinicíocht a tharchuirtear ón stáisiún raidió. Baintear feidhm as athshondas sa [[luainíocht]] sna núicléis sa chóras íomháithe sa [[Míochaine|mhíochaine]] a dtugtar ''íomháú trí [[athshondas núicléach maighnéadach]]'' air, agus sa chóras anailíse ceimice den ainm céanna.