An difríocht idir athruithe ar: "Atáirgeadh plandúil"

Content deleted Content added
m naisc
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Bryophyllum_daigremontianum_nahaufnahme1.jpg|deas|250px|thumb|Atáirgeadh plandúil]]
Aon mhodh [[Atáirgeadh|atáirgthe]] ag [[planda]] gan síolta gan spóir. I [[Fungas|bhfungais]] agus [[algaí]] aoncheallacha, trí [[Cilldeighilt|chilldeighilt]] shimplí a tharlaíonn sé. I bplandaí cosúíl le [[caonach]] is aelus, táirgtear bachlóga inscartha a fhásann nuair a thagann siad chun a bheith sáite sa talamh. Maidir le plandaí bláfara, atáirgeann siad trí bholgáin bheaga inscartha, tiúbair, stólain nó reathairí. In an-chuid fiailí ilbhliantúla, is féidir le blúire de ghas nó fréamh a bhristear uathu fás ina phlanda nua. Atáirgeann cineálacha eile ([[Sméar dhubh|sméara dubha]], mar shampla) ar cheann de na modhanna seo mar ní tháirgeann siad síolta inmharthana riamh. Is clóin iad na plandaí a thagann chun cinn mar seo, agus bíonn a ngéanóim comhionann le géanóim na bplandaí tuismitheora. Baintear feidhm as an modh atáirgthe seo sa ghairneoireacht chun plandaí le hairíonna fabhracha, a d'fheadfaí a chailliúint i bpórú, a olltáirgeadh.