An difríocht idir athruithe ar: "Ballnasc"

Content deleted Content added
m naisc
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Knee_diagram.svg|deas|250px|thumb|Ballnasc]]
Banda [[Fíochán|fíocháin]] chrua a cheanglaíonn [[Cnámh|cnámha]] (trasna [[Alt (anatamaíocht)|ailt]], mar shampla) nó a thacaíonn le horgáin inmheánacha (ballnaisc an pheireatóinéim mar shampla). De ghnáth is as collaigin dhoshínte, eagraithe i mburlaí comhthreomhara, a bhíonn na ballnaisc comhdhéanta, ach i gcuid acu bíonn fíochán leaisteach a ligeann le gluaiseacht theoranta. Nuair a bhaineann siad le hailt, athraíonn siad ó ramhrú [[Cochall|chochall]] an ailt go dtí struchtúir thábhachtacha taobh istigh is amuigh den chochall, le tiús a athraíonn i gcomhréir leis na fórsaí is gá dóibh a sheasamh. Feidhmíonn siad chun réabadh meicniúil an ailt a sheachaint, agus mar orgáin chéadfacha chun gluaiseacht is ionad an ailt a bhrath.