An difríocht idir athruithe ar: "Sinn Féin"
Content deleted Content added
No edit summary |
|||
Líne 31:
=== An Dara Sinn Féin ===
Roimh thoghchán na bliana [[1918]], chuaigh ceannairí nua i seilbh Shinn Féin. D'fhág Art Ó Gríofa an halmadóir ag [[Éamon de Valera]] agus ag daoine eile a tháinig ina mbeo as an díoltas a d'agair na Gaill ar lucht an Éirí Amach. Ansin, bhí Sinn Féin ina pháirtí Poblachtánach go hiomlán. Bhuaigh an páirtí 73 shuíochán de na 105 cinn a bhí ar fáil in Olltoghchán na bliana [[1918]], agus ansin, d'fhógair feisirí an pháirtí nach mbeidís sásta Westminster a bhaint amach ná a gcuid suíochán a ghlacadh i
=== An Triú Sinn Féin ===
An chuid de Shinn Féin a dhiúltaigh don [[Conradh Angla-Éireannach|Chonradh]], is é sin an tríú Sinn Féin. Iad siúd a thacaigh leis an gConradh, is é an t-ainm a ghlac siad orthu féin ná [[Cumann na nGaedheal]] - nó ''Cumann na nGael'' i litriú an lae inniu. Chuir an dá pháirtí seo cogadh cruálach ar a chéile, Cogadh na gCarad, nó [[Cogadh Cathartha na hÉireann]]. B'iad lucht tacaithe an Chonartha a bhuaigh an cogadh, ach tar éis an chogaidh féin, ní raibh lucht an taoibh eile sásta a ndlisteanas a admháil. Bhunaigh na buaiteoirí tír fhéinrialaitheach i sé chontae fichead den tír - Saorstát Éireann. Mar sin, is minic a thugtar "Státairí" nó "Saorstátairí" orthu, agus ainm na bPoblachtánach ag tagairt do lucht an taoibh eile. Chaithfeadh Teachtaí Dála an tSaorstáit dílseacht a mhóidiú do Rí Shasana, rud nár thaitin le hÉamon de Valera ná leis na Poblachtánaigh eile. Mar sin féin, mhol de Valera do Shinn Féin páirt a ghlacadh sna
=== An Ceathrú Sinn Féin ===
|