An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
mionfheabhsú comhréire focal
Líne 61:
===Na Trioblóidí===
 
Sna 1960idí, chrom Terence O'Neill, Príomh-Aire nua an Tuaiscirt, ar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le sochaí a chur ar bun a thabharfadh a gceart do na Caitlicigh féin. Ní raibh na hAontachtóirí go léir sásta leis na polasaithe seo, áfach, agus chuaigh siad chun cogaidh ar O'Neill faoi cheannas Ian Paisley, seanmóirí bunúsaíoch a chuaigh le polaitíocht. Bhí an dá phobal ag dul in adharca a chéile, agus an caidreamh trasphobail ag dul chun donais. Chuaigh na Náisiúnaithe amach sna sráideanna le cothrom Féinne a éileamh faoi bhratach Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta. Dá thoradh sin, bhí scliúchais bhrúidiúla i nDoire agus i mBéal Feirste sa bhliain 1969. Nuair a thit an tóin as an dlí agus as an tsíocháin i dTuaisceart Éireann, chuaigh rialtas Londan i gceannas ar an stáitín, agus cuireadh trúpaí Briotanacha ar garastún in Ultaibh le síocháin a chur ar bun arís. Ní raibh na trúpaí ábalta neodracht a choinneáil idir an dá thine Bhealtaine, agus tarraingíodh rialtas Londan go domhain isteach in abar an Tuaiscirt nuair a thosaigh an tIRA cathag acur churcatha ar na saighdiúirí.
 
===Aontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu===