Content deleted Content added
Líne 29:
 
[[Úsáideoir:Rei Momo|Rei Momo]] ([[Plé úsáideora:Rei Momo|talk]]) 09:01, 12 Meitheamh 2015 (UTC)
 
== wgCategoryCollation ==
 
Dia dhuit Alison!
 
Is do Vicipéid Ghàidhlig na hAlban is mó bhéas mé ag scríobh. Ach d’éirigh ábhar teicniúil faoi ''collation'', ord aibítre na bhfocal ina bhfuil síneadh fada nó ''diacritic'' eile, ábhar a bhaineas freisin le Vicipéid Ghaeilge na hÉireann, leis an Vicipéid Manainnise, agus leis an Wiktionary Ghàidhlig - agus feicim gu bhfuil tusa gafa leo uilig!
 
Is nós dúinn sa Vicipéid Ghàidhlig bheith ag sgrìobh rudaí ar nós:
<pre>
{{DEFAULTSORT:Domhnall Aonghais Bhain}}
[[Category:Bàird Ghàidhlig]]
[[Category:Sgrìobhadair Ghàidhlig]]
</pre>
ag bun an leathanaigh ag '''Dòmhnall Aonghais Bhàin''', agus mura gcuimhnítear ar an “DEFAULTSORT” cuirfear ''Dòmhnall Aonghais Bhàin'' i ndiaidh ''Donnchadh Bàn'' in ord ASCII sa chatagóir. Tarlaíonn sin go minic, mar atá le feiceáil sa chatagóir ''Bàird Ghàidhlig'', [[gd:Category:Bàird Ghàidhlig]], mar shampla, àit a bhfuil “Bàrd Bharbhais”, ag teacht i ndiaidh “Bateman” agus “Bochanan”, agus “Dòmhnall Chràisgein” ag teacht i ndiaidh “Donnchadh nam Pìos”. Tháinig sé isteach orm nár chóir do sin a bheith ag tarlú san lá atá inniu ann, gur chóir don ríomhaire na míreanna a chur in ord chiallach na haibítre gan gá ag duine na síntí fada a bhaint astu. Chuaigh mé ag torraíocht le Google an rud a thiocfadh a bheith ag cur an Vicipéid tuathail, agus fuair mé anseo é:
 
:https://noc.wikimedia.org/conf/highlight.php?file=InitialiseSettings.php
 
Má chuardaíonn tú síos go dtí '''wgCategoryCollation''', feicfidh tú go bhfuil an-chuid de na Vicipéideanna, Breatnais, Fraincis, Spáinnis, Rúisis, 7c, go bhfuil siad ag obair leis an '''uca''', “Unicode Collation Algorithm”. Ach an Ghàidhlig, an Ghaeilge, an Mhanainnis, an Bhriotáinis, tá siad uilig cosúil leis an Bhéarla ag obair go fóill leis an ''collation'' éugumasach '''uppercase'''.
 
Feictear a bhuaidh i [[:Catagóir:Fréamh an Eolais]] mar shampla, sa Vikipéid Ghaeilge. Ní bhfaighfear ''Éin chreiche'' in aice le ''[https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Catag%C3%B3ir:Fr%C3%A9amh_an_Eolais&oldid=737385&pagefrom=Ein Einceifilíteas]'' mar a bhéadh dúil leis, ach aig deireadh na haibítre i ndiaidh ‘[https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Catag%C3%B3ir:Fr%C3%A9amh_an_Eolais&oldid=737385&pagefrom=z z]’. Agus tá [https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Catag%C3%B3ir:Fr%C3%A9amh_an_Eolais&oldid=737385&pagefrom=Bu ''bás'' ag teacht i ndiaidh ''bun'']. Cuir sin i gcomparáid leis an Chatagóir [[cy:Category:Hanes Conwy|Hanes Conwy]] ag na Breatnaigh, mar a bhfuil ''Tyno Helig'' ag teacht i ndiaidh ''Tŷ Aberconwy'' agus gan gá le DEFAULTSORT ar bith.
 
Labhair mé faoi seo le duine de na Riarthóirí sa Vicipéid Ghàidhlig, Akerbeltz, agus d’aontaigh sé liom go mbeadh sé maith iarratas a chur isteach go n-athrófaí '''wgCategoryCollation''' sa Vicipéid Ghàidhlig ó '''uppercase''' go dtí '''uca-default'''. Má chuardaíonn tú “wgCategoryCollation” le Google, gheobhaidh tú samplaí de na hiarratais sin don Vicipéid Portaingéilise, Téalainnise is eile. Níor labhair mé leis an Mhaorlathach, Sionnach, go fóill, oir chuala mé go mbeidh sí gnóthach go ceann seachtain nó dó, ach creidim go n-aontóidh sise freisin. Creidim go mbeadh sé maith Vicipéid na Gaeilge, na Manainnise, na Briotáinise, agus na Wiktionaries éagsúla a dhéanamh ag an am chéanna, má aontaíonn a muintir siud. B’fhéidir go mbeadh sé maith seo a phlé sa [[Vicipéid:Lárionad_comhphobail|Lárionad_comhphobail]], ach b’fhéidir nach fiú é, oir tá an ábhar seo chomh teicniúil agus nach dóigh liom go mbeidh spéis ag mórán daoine ann.
 
Dála an scéil, creidim gur leor an ''collation'' '''uca-default''' don Ghaeilge, don Ghàidhlig, don Mhanainnis, don Bhriotáinis, agus nach gach le '''uca-ga''' nó '''uca-gd''' fiú amháin má tá siad le fáil. Tá '''uca-default''' an-chumasach agus is cinnte go gcuirfídh sé na síntí fada agus na comharthaí eile san ord cheart. Níl riachtanais fá leith againn mar atá ag na Breatanaigh leis an ‘dd’ agus ‘ng’ agus ‘rh’ agus eile. Go deimhin, ní thuigim cén fáth nach gcuirfí '''uca-default''' mar ''collation'' do na teangacha uilig, ach amháin an Béarla más maith leis cloí le '''uppercase'''.
 
--[[Úsáideoir:Caoimhin|Caoimhin]] ([[Plé úsáideora:Caoimhin|talk]]) 15:17, 1 Nollaig 2015 (UTC)