An difríocht idir athruithe ar: "Frederick Douglass"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 27:
 
Thosaigh Sophia Auld, bean Hugh, ag múineadh na haibítre do Douglass nuair a bhí sé 12 bhliain d'aois ach chuir Hugh Auld stad leis sin chomh luath agus a chuir sé faoi deara a bhí ar siúl acu. Lean an buachaill ag foghlaim as a stuaim féin agus ó pháistí geala sa chomharsanacht. Tugadh léasadh dó babhta amháin nuair a chonacthas é ag léamh páipéir nuachta.
[[Íomhá:Unidentified Artist - Frederick Douglass - Google Art Project-restore.png|mion|clé|Frederick Douglass, agus é timpeall 29 bliana d'aois]]
 
==Éalú ón sclábhaíocht==
Rinne Frederick Douglass iarrachtaí éalú, an chéad uair ó fhear darbh ainm Freeland ar tugadh Douglass ar iasacht dó and an dara huair ó úinéir nua, Edward Covey, sa bhliain 1836. Theip air sa dá iarracht. Sa bhliain 1837 casadh Ann Murray air, bean ghorm shaor as Baltimore a bhí 5 bliana ní ba shine ná é. Ar an 3 Meán Fómhair, 1838, d'éirigh leis éalú ar bord traenach le cuidiú Murray agus duine eile. D'imigh sé ón traein agus é i Maryland go fóill. Bhí sé feistithe mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, rinne sé a bhealach ó thuaidh go hindíreach trí [[Delaware]], stát eile ina raibh sclábhaíocht ar siúl, agus ansin go [[Philadelphia]] agus [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]]. Sa chathair seo mhothaigh sé go raibh sé saor. Le cabhair daonuasclóir thug sé faoi shaol nua. Phós seisean agus Ann Murray ar 15 Meán Fómhair 1838, agus chuir siad fúthu i [[New Bedford, Massachusetts]].
[[Íomhá:Anna Murray-Douglass.jpg|mion|Anna Murray-Douglass, bhean chéile Frederick Douglass]]
 
==Sa ghluaiseacht i gcoinne na sclábhaíochta dó==
 
Chuaigh Douglass leis an Eaglais Afraiceach Modhach agus sa bhliain 1839 bronnadh ceadúnas dó mar sheanmóirí. Chuidigh a chuid oibre san eaglais sin dó lena scileanna óráide a líomh. Tháinig Douglass faoi anáil an daonuasclóra úd [[William Lloyd Garrison]], agus d'aithin Garrison gur duine cumasach é Douglass chomh maith. Thug Douglass a chéad óráid in aghaidh na [[sclábhaíocht]]a in Elmira, [[Nua-Eabhrac (stát)|Nua-Eabhrac]] i 1840, stad ar an "Iarnród faoi Thalamh". D'éirigh go maith le Douglass nuair a hiarradh air labhairt ón stáitse ag cruinniú frithsclábhaíochta eile. Labhair sé ag cruinniú bliantúil Chumann Frithsclábhaíochta Massachusetts i [[Nantucket]] go gairid ina dhiaidh sin agus as sin amach bhí éileamh rialta air mar chainteoir ag a leithéid de chruinnithe.
==Naisc sheachtracha==
* [http://rbscp.lib.rochester.edu/2494 Tionscadal Frederick Douglass in Ollscoil Rochester. Arna rochtain ar 28 M.F. 2015]