An difríocht idir athruithe ar: "Ceallra"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Batteries.jpg|deas|250px|thumb|BataireBatairí]]
Le blianta anois tá an-fhás tagtha ar an éileamh ar fhoinsí so-iompartha fuinnimh leictrigh. Na gléasanna leictreonacha so-iompartha — [[Teileafón|teileafóin]], [[Raidió|raidiónna]], teilifíseáin, téipthaifeadáin, ceamaraí, téipcheamaraí is [[Ríomhaire|ríomhairí]] — níorbh ann dóibh gan batairí leictreacha. De ghnáth in aon bhataire mar seo, bíonn méid éigin de chealla leictreacha. Más cealla príomhúla iad, bíonn méid áirithe fuinnimh lonnaithe iontu, agus ídítear an [[fuinneamh]] sin le húsáid na cille. Agus an chill ídithe, ní bhíonn sí le hathúsáid arís. Is é seo a bhíonn sa gnáthbhataire since i gcomhair raidió sho-iompartha. Más cealla tánaisteacha atá sa bhataire, is féidir iad a athluchtú nuair a bhíonn a gcuid fuinnimh ídithe. Mar seo a bhíonn i mbataire [[luaidhe]] inathluchtaithe an ghluaisteáin. Den chuid is mó is maith an bataire muna bhfolamhaíonn sé róthapa, is é sin má iompraíonn sé lucht mór fuinnimh leictrigh. De réir mar a théann an fuinneamh is féidir a luchtú sa bhataire i méid, téann a [[Meáchan|mheáchan]] i méid freisin. Más gléas so-iompartha atá i gceist, ní maith an scéal é sin. I gcás bataire luaidhe, is féidir 260 [[aimpéar]]-uair in aghaidh an chileagraim (A-u kg-1) a stóráil ann. 820 A-u kg-1 is féidir a stóráil i mbataire since, agus suas le 3,860 A-u kg-1 sa [[Bataire litiam|bhataire litiam]]. I gcomparáid leis na gnáthbhatairí, is iontach an réiteach é an bataire litiam chun an meáchan a choimeád íseal ach dóthain fuinnimh a bheith ar fáil mar sin féin.