An difríocht idir athruithe ar: "Panu Petteri Höglund"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Tá '''Panu Petteri Höglund''' ([[17 Mí na Samhna]] [[1966]] a rugadh é) ina ghníomhaí teanga agus litríochta de chuid na [[Gaeilge]] agus teangacha eile. [[An Fhionlainn|Fionlannach]] ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach [[an tSualainn|Sualannach]], agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhionlaigh. In [[Kalvola]] in aice le [[Hämeenlinna]] na Fionlainne a rugadh é, ach is in [[Varkaus]] in oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Chaith sé roinnt blianta ag staidéar [[ceimic]]e; ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an léann [[an Ghearmáin|Gearmánach]], [[an Pholainn|Polannach]] agus [[an Rúis|Rúiseach]] in ollscoil [[Túrcú|Åbo]] Akademi ina thír féin go dtí gur bhain sé amach céim M.A. sa bhliain 1997.
 
[[Aistritheoir]] gairmiúil atá ann. D'fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin. agus tá an-eolas ar litríocht agus ar [[Gaeilge Uladh|chanúint Chúige Uladh]] aige. Tá suíomh idirlín fairsing ilteangach aige ina gcuireann sé cúis na Gaeilge chun cinn. Chomh maith lena chuid aistí faoi stair agus litríocht na Gaeilge tá [[úrscéal]] ''Tachtaimis an Grá Sin'', [[gearrscéal]]ta, cuimhní cinn, aistriúcháin agus aistí i dteangacha éagsúla scríofa aige. I Mí na Samhna, [[2009]], tháinig an t-úrscéal agus trí ghearrscéal i gcló faoi chlúdach aon leabhar amháin, ''[http://www.evertype.com/books/sciorrfhocail.html Sciorrfhocail]''<ref>ISBN 190480831 [http://www.amazon.co.uk/Sciorrfhocail-Sc%C3%A9alta-Panu-Petteri-H%C3%B6glund/dp/190480831X Amazon - see inside], [http://www.evertype.com/books/sciorrfhocail.html Evertype.com] </ref>.
 
Tá [[Fionlainnis]], [[Sualainnis]], [[Gearmáinis]], [[Polainnis]], [[Íoslainnis]], [[Gaeilge]], [[Rúisis]] agus [[Béarla]] aige, agus [[Fionlainnis]] curtha aige ar cheithre úrscéal Íoslainnise le h[[Einar Kárason]].