An difríocht idir athruithe ar: "An Afganastáin"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Líne 68:
Bhí achrann sa tír ar feadh na mblianta agus ceannairí éagsúla ag iarraidh an tír a chur faoina smacht. D'fhan an Afganastáin neodrach le linn an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Chogadh Domhanda]]. Nuair a d'fhág an Bhreatain an India bunaíodh an [[An Phacastáin|Phacastáin]] ach mhaígh an Afganastáin gur léise cuid den stát nua. Aird níor tugadh uirthi, agus chuaigh sí i bpáirt leis an Rúis i 1955 cheal cabhair a fháil ó na Meiriceánaigh. Ba bheag nach raibh ina chogadh idir í féin agus an Phacastáin faoi chúrsaí teorann. Cuireadh Páirtí Cumannach ar bun go rúnda i [[1965]] agus faoi [[1973]] bhí de neart aige dul chun ceannairce: briseadh an Rí agus bunaíodh Poblacht. I [[1978]] síníodh conradh cairdis leis an Aontacht Shóivéideach ach an bhliain chéanna thosaigh éirí amach Ioslamach.
 
Bhris cogadh cathartha amach i [[1979]] agus tháinig fórsaí na hAontachta Sóivéidí thar teorainn isteach ar an [[27 Nollaig]]. Thug na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]] an-chabhair do na ceannarcaigh Ioslamacha. I Mí na Feabhra [[1989]], tar éis naoi mbliana den ár, b'éigean do na Sóivéidigh cúlú, rud nár chuir deireadh leis an chogaíocht. Ghabh na [[Mujahideen|Muitsidíní]] Cabúl ar [[15 Aibreán]] [[1992]] agus bhunaigh stát Ioslamach. Bhí an Phacastáin agus [[an Iaráin]] ag cur a ladair i ngnóthaí na tíre i rith an ama agus lean an chogaíocht ar aghaidh.
 
==== Na Talaban ====