An difríocht idir athruithe ar: "Cumannachas"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 5:
== Faoin téarma ==
[[Íomhá:Karl Marx.jpg|150px|clé|200px|thumb|[[Karl Marx]] ([[1818]] - [[1883]]).]]
Is é is mó a bhíonn i gceist leis an téarma "cumannachas" ná an leagan sin den tsóisialachassóisialachas a d'fhorbair [[Karl Marx]], i dteannta le [[Friedrich Engels]], sa naoú haois déag, agus na gluaiseachtaí agus córais pholaitiúla a leanann teoiricí Mharx. Bhí Marx go mór faoi anáil [[Georg Wilhelm Friedrich Hegel|Hegel]], agus chum sé teoiric chuimsitheach faoi fhorbairt stairiúil an chine dhaonna, ar thug sé "coincheap ábharach na staire" uirthi. De réir na teoirice seo, b'é coimhlint na n-aicmí geilleagracha inneall na forbartha stairiúla ar fad. In aimsir an [[caipitleachas|chaipitleachais]], d'amharc Marx ar an lucht oibre díomhaoin dúshaothraithe - an phrólatáireacht - mar oidhrí an domhain; dar leis, b'é an caipitleachas a chruthaigh an aicme seo agus mar thoradh ar phróisis inmheánacha an chaipitleachais féin - is é sin, de thoradh na forbartha a bhí tosaithe ag an gcaipitleachas féin - d'iompódh aicme an lucht oibre ina fórsa réabhlóideach a chuirfeadh deireadh leis an gcaipitleachas le córas nua sóisialach a bhunú ina áit.
 
Cuid lárnach de theagasc an chumannachais is ea é an cinnteachas stairiúil. Is é sin, creideann an cumannaí go bhfuil stáisiúin na staire léarscáilithe cheana féin. Roimh an gcaipitleachas, bhí an feodachas; i ndiaidh an chaipitleachais, tiocfaidh an sóisialachas, agus ní bheidh sa sóisialachas féin ach céim idirmheánach roimh an gCumannachas, an todhchaí Útóipeach, ina mbeidh caidreamh na ndaoine chomh sibhialta, chomh nádúrtha agus nach mbeidh gá leis an stát féin a thuilleadh.