An difríocht idir athruithe ar: "George Graham (déantóir clog)"

Content deleted Content added
No edit summary
m oops
Líne 2:
Déantóir [[clog]], ceapadóir agus geofhisiceoir [[Sasana]]ch ab ea '''George Graham''' (Kirklinton, [[Cumberland]], [[7 Iúil]] [[1673]] – Londain, [[20 Samhain]] [[1751]]). Ball de [[Cumann na gCarad|Chumann na gCarad]] a bhí ann dála a chomhghleacaí, [[Thomas Tompion]]. Sa bhliain 1688 agus é 15 bliana d'aois thug sé aghaidh ar Londain le dul chun oibre faoi Tompion. Ní ba dhéanaí, phós sé Elizabeth Tompion, neacht le Thomas.
 
D'éirigh Graham ina chomhpháirtí de Thomas Tompion sna blianta deiridh. Cuirtear ina leith roinnt feabhsúchán i ndearadh na gclog luasctha, an luascadán mearcair agus i mionsamhlacha clogoibritheacha na bplapinéadbpláinéad (''orreries''). Rinneadh Máistir Chuideacht Onórach na nDéantóirí Clog de sa bhliain 1722.
 
Ar an líon mór printíseach a d'oibrigh faoi Graham bhí Thomas Mudge, duine a bhain amach clú dó féin mar dhéantóir clog freisin. Chaith sé seo na blianta 1730–1738 ag obair faoi Graham.