An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
mionfheabhsú comhréire focal
Líne 61:
===Na Trioblóidí===
 
Sna 1960idí, chrom Terence O'Neill, Príomh-Aire nua an Tuaiscirt, ar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le sochaí a chur ar bun a thabharfadh a gceart do na Caitlicigh féin. Ní raibh na hAontachtóirí go léir sásta leis na polasaithe seo, áfach, agus chuaigh siad chun cogaidh ar O'Neill faoi cheannas Ian Paisley, seanmóirí [[Bunúsaíocht|bunúsaíoch]] a chuaigh le polaitíocht. Bhí an dá phobal ag dul in adharca a chéile, agus an caidreamh trasphobail ag dul chun donais. Chuaigh na Náisiúnaithe amach sna sráideanna le cothrom Féinne a éileamh faoi bhratach Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta. Dá thoradh sin, bhí scliúchais bhrúidiúla i nDoire agus i mBéal Feirste sa bhliain 1969. Nuair a thit an tóin as an dlí agus as an tsíocháin i dTuaisceart Éireann, chuaigh rialtas Londan i gceannas ar an stáitín, agus cuireadh trúpaí Briotanacha ar garastún ini UltaibhdTuaisceart Éireann le síocháin a chur ar bun arís. Ní raibh na trúpaí ábalta neodracht a choinneáil idir an dá thine Bhealtaine, agus tarraingíodh rialtas Londan go domhain isteach in abar an Tuaiscirt nuair a thosaigh an tIRA ag cur catha ar na saighdiúirí. Sa deireadh thiar thall, mharaigh na paratrúipéirí Briotanacha triúr Caitliceach déag ar Dhomhnach na Fola i nDoire ar an tríochadú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1972. Dhá mhí ina dhiaidh sin, cuireadh rialtas na nAontachtóirí ar an Stormont ar ceal, agus chuaigh rialtas Londan go díreach i gceannas ar an stáitín.
 
Sa bhliain 1974, shínigh an lucht measartha ar an dá thaobh Comhaontú Sunningdale, a bhí ceaptha lena gceart a thabhairt do na Caitlicigh i gcúrsaí rialtais an stáitín. Ní rabhthas in ann an comhaontú sin a chur i bhfeidhm riamh, áfach, nó chuaigh lucht oibre Protastúnach Thuaisceart Éireann ar ollstailc faoi bhratach Chomhairle Lucht Oibre Uladh leis an gcomhaontú a stopadh. Ina dhiaidh sin, tháinig pleananna eile chun tosaigh leis an bhféinrialtas a chur ar bun arís sa Tuaisceart, mar atá, an "[[déabhlóid rollach]]" (''rolling devolution'' as Béarla). An turas seo, b'iad na Caitlicigh nach raibh sásta comhoibriú a dhéanamh. I ndiaidh fiche éigin bliain de thrioblóidí, d'éirigh leis an lucht measartha ar an dá thaobh sos cogaidh a chur ar bun, agus thosaigh na comhchainteanna arbh é Comhaontú Aoine an Chéasta a dtoradh. Iarracht eile a bhí ann leis an gcumhacht a roinnt idir an dá phobal. Fuair an Comhaontú tacaíocht Pháirtí Aontachtach Uladh, ach ní raibh Aontachtóirí Daonlathacha Ian Paisley sásta leis.
 
===Aontachtóirí i dTuaisceart Éireann inniu===