An difríocht idir athruithe ar: "Aigéad ribeanúicléasach"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Aigéad núicléasach is ea '''aigéad ribeanúicléasach''' (nó ''ARN'') a fhaightear ar fud na cille (is é ''RNA'' an gnáthghiorrúchán i mBéarla). Difriúil ó [[Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach|DNA]] sa mhéid go gcuirtear úraicil (bun [[Pirimidíní|pirimidín]]) in ionad [[tímidín]], agus [[comhábhar]] siúcra, riobós, in ionad dé-ocsairiobóis.

Baint lárnach aige in an-chuid próisis géibheannacha cille, sintéisiú [[Próitéin|próitéiní]] thar aon cheann eile. Sintéisítear an RNA mar dhual comhlántach de roinnt na mbunseicheamh sa DNA trí fheidhmiú rang einsímí a dtugtar polaimeiréisí RNA orthu. Déantar cóipeanna RNA (cóipeanna comhlántacha) de na géinte a chódaíonn don phróitéin (agus na hiontróin gearrtha amach ag próiseas casta ina mbíonn RNA ar leith gníomhach, RNA beag núicléach, snRNA, i gcoimpléisc le próitéiní ar a dtugtar snRNP), chun teachtaire RNA (mRNA) aibí a tháirgeadh.

Iompraítear an mRNA trasna an scannáin núicléach chuig na ribeasóim sa [[Cíteaplasma|chíteaplasma]]. Déantar cóip iomlán den mRNA ar an [[ribeasóm]], a fhanann ann mar RNA ribeasómach (rRNA). Uaidh sin déantar cóipeanna RNA traschuir (tRNA) (giotaí RNA, cóipeáilte ó chódón amháin ar an DNA go bunúsach, is é códaithe d'[[aimínaigéad]] amháin) ó na géinte ar an mRNA, agus bailíonn an tRNA [[aimínaigéad|aimínaigéid]] chuí sa chíteaplasma is iompraíonn iad don ribeasóm.

Le cabhair an rRNA ansin, cuirtear na giotaí tRNA (is na haimínaigéid ar leith atá ceangailte leo) i líne chun gur féidir leis na haimínaigéid nascadh le chéile i líne, san ord cuí ceart, ina slabhra polaipeiptíde a dhéanann an phróitéin.
 
{{Fréamh an Eolais}}