An difríocht idir athruithe ar: "Údarás na Gaeltachta"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) m Rang +IV |
athscríobh iomlán (gramadach) |
||
Líne 1:
Is éard atá i gceist le h'''Údarás na Gaeltachta''' ná gníomhaireacht fhorbartha don Ghaeltacht a bhfuil sé de dhualgas uirthi an Ghaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht trí fhostaíocht a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta ina réigiún dúchais féin. Tháinig an tÚdarás i gcomharbas ar [[Gaeltarra Éireann|Ghaeltarra Éireann]], a raibh an misiún céanna aige, ach amháin nach raibh ionadaithe tofa ag muintir na Gaeltachta ar bhord stiúrtha na gníomhaireachta sin. Bunaíodh an tÚdarás sa bhliain 1980, i ndiaidh feachtas agóidíochta sa Ghaeltacht.
Tá fiche duine ar bhord stiúrtha an Údaráis. Is é vóta mhuintir na Gaeltachta a thoghann seachtar déag acu, agus an triúr eile ceaptha ag an Aire Gaeltachta. Bíonn toghcháin an Údaráis ar siúl sa Ghaeltacht uair in aghaidh cúig bliana.
Tá oifigí réigiúnda ag an Údarás i d[[Tír Chonaill]], i g[[Contae Chorcaí]], i g[[Contae Chiarraí]], agus i g[[Contae Mhaigh Eo]]. Sna [[Na Forbacha|Forbacha]] i g[[Conamara]] atá príomhoifig an Údaráis.
{{stumpa}}
|