An difríocht idir athruithe ar: "An tSeoirsia"

Content deleted Content added
No edit summary
Removed empty paragraph
Líne 50:
 
Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa [[Críostaíocht|Críostaí]] í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, [[Ioslam|Muslamach]] is ea é duine as gach deichniúr sa Seoirsia. Cuid mhór de na Muslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh leis an Ioslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag [[Caitliceachas|Caitliceach]] agus [[Protastúnachas|Protastúnach]] ann, agus is é an tIoslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.
*
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}