An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 21:
 
== Saol ==
Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i n[[Gaillimh]] sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháracha aige, Isaac agus Michael. Thug a athair a aghaidh ar [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] nuairanuair a theip ar a ghnó i nGaillimh agus cailleadh ann é go gairid ina dhiaidh sin. Cailleadh máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893, agus dá bhrí sin bhí ar na dílleachtaí óga dul chun cónaithe lena n-uncail Patrick Conroy i [[Ros Muc]]. Chuaigh Pádraic ar scoil i d[[Turlach Beag]], sular bhog sé ar aghaidh go dtí [[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus [[Coláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]] (áit a raibh [[Éamon de Valera]] in aon rang leis).
 
Bhog sé go dtí Londain sa bhliain 1899 agus ghlac sé post mar státseirbhíseach sa Bhord Oideachais ann. Chuir sé suim mhór i gcúrsaí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]]. Bhí an Ghaeilge ina thimpeall i gcónaí i Londain fiú, agus chaith sé na hoícheanta agus na deirí seachtaine ag múineadh na teanga do Ghaeilgeoirí agus inimircigh eile.