An difríocht idir athruithe ar: "Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Córas [[uimhreacha]] 10 ndigit a dháiltear ar leabhair nuair a fhoilsítear iad (''ISBN'' i mBéarla) is ea '''Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta'''. Glacadh go hidirnáisiúnta leis i [[1971]], agus simplíonn sé ionannú is ordú leabhar mar go mbíonn a uimhir féin clóbhuailte taobh thiar de leathanach an teidil is ar an gclúdach cúil. Ó [[2007]] méadaíodh fad na huimhreach go dtí 13 digit, córas atá in úsáid ag [[Leabharlann]] na Breataine is Leabharlann na Comhdhála sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], taobh leis an uimhir choibhéiseach 10 ndigit ó [[2004]] ar aghaidh.
 
==Stair==
Sa bhliain 1965 nó 1966, tháinig aitheantóir trádála leabhar ar an saol, cód ar ar tugadh Uimhriú Leabhar Chaighdeánach. [[Gordon Foster]], Ollamh Gradaim le [[Staitistic]] ag [[Coláiste na Tríonóide]], a chruthaigh an córas seo do WHSmith, díoltóirí leabhar, agus gnólachtaí eile. Bhí an córas seo aige bunaithe ar 9 ndigit. Ach David Whitaker ("Athair an ISBN") agus Emery Koltay (stiúrthóir Bowker, an ghníomhaíocht Mheiriceánach ISBN) a chruthaigh an leagan 10 ndigitde ar a dtugtar ISBN, é sin sa bhliain 1967.
 
==Naisc sheachtracha==