An difríocht idir athruithe ar: "Brú fola"

Content deleted Content added
m naisc
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:MMSA_Checking_Blood_Pressure.JPG|deas|250px|thumb|Brú fola]]
An brú a fheidhmíonn an [[Fuil|fhuil]] i gcoinne ballaí na bhfuileadán. Gintear an brú seo nuair a chrapann matáin an [[Croí|chroí]], agus gineann brú athraitheach tréimhsiúil brú na fola. Tómhaistear brú na fola le [[sfigmeamanaiméadar]] go hiondúil. Tá cufa sa ghléas seo a fhilltear thart ar an ngéag uachtarach is a theanntar go gcuireann sé stop ar éigin leis an gcuisle i gcaol na láimhe, agus mar sin le sreabhadh na fola in artairí na géige. Tomhaistear an brú sa chufa ansin, agus is é sin an brú uasmhéideach fola, an brú siostólach. Ansin ligtear an t-aer amach as an gcufa go mall. An brú sa chufa ag a bhfilleann sreabhadh leanúnach san [[artaire]] i gcaol na láimhe, tugtar ''an brú diastólach'' air sin. Tomhaiseann an sfigmeamanaiméadar an brú i milliméadar [[Mearcair (airgead beo)|mearcair]] (mm Hg), agus de ghnáth scríobhtar an toradh mar seo: 120/80, is é sin, brú siostólach 120 mm Hg, is brú diastólach 80 mm Hg.