An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

Content deleted Content added
Líne 30:
Níor phós Murphy riamh. Ba í Rachel, a rugadh sa bhliain 1968, an t-aon pháiste a bhí aici. Ba é [[Terence de Vere White]] (b. 1994), iriseoir de chuid an [[Irish Times]], athair Rachel.<ref>{{cite book|url=http://books.google.co.uk/books?id=c-GR_OSU1zAC&pg=PA829|chapter=Murphy, Dervla (1931-)|last=Speake|first=Jennifer|date=2003|title=Literature of Travel and Exploration: An Encyclopedia|publisher=Taylor and Francis|pages=829|isbn=1579584241|accessdate=2008-10-12}}</ref> Dúradh gur rogha crógach é a hiníon a thógáil léi féin in Éirinn sna seascaidí, ach dúirt Murphy go raibh sí slán ó cháineadh siocair ise a bheith ina tríochaidí agus socair ó thaobh airgid agus oibre de. D’oibrigh sí mar léirmheastóir leabhar ar feadh cúig bliana i ndiaidh bhreith Rachel sular d’iompaigh sí ar ais ar an scríbhneoireacht taistil.
 
Faoi láthair, tá Murphy ina cónaí i Lios Mór in éineacht lena chuidcuid cat agus madraí. Tá sí ina patrún ar Sustrans, cumann ar son taistil inbhuanaithe atá suite sa Bhreatain, agus ar Fhéile na Scríbhneoireachta Taistil Immrama i Lios Mór. Bhí Murphy páirteach anuraidh ar an chlár ''Great Lives'' de chuid BBC Radio 4, ag moladh [[Freya Stark]] (scríbhneoir taistil Briotanach) mar shampla de shaol tábhachtach inmholta.
 
== Foilseacháin ==