An difríocht idir athruithe ar: "Bunús na Cruinne"

Content deleted Content added
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Universe_expansion.png|deas|250px|thumb|Bunús na Cruinne]]
Is éard is '''Bunús na Cruinne''' ann ná an tsamhail is coitianta anois gur phléasc ábhar is [[fuinneamh]] uile na [[An Chruinne|Cruinne]], a bhí cruinnithe i bponcstaid fhíordhlúth fhíorthe, in [[ollphléasc]] timpeall 20,000 milliún bliain ó shin. Ina dhiaidh sin, le linn d'ábhar na Cruinne a bheith ag forleathnú amach ón mbunphointe, tháthaigh na [[Réalta|réaltaí]] as scamaill hidrigine is [[héiliam]], théigh siad sa táthú is thosaigh ag comhleá, go mór mór ina gcroíleacáin. Le himeacht ama, phléasc cuid de na réaltaí chun scamaill nua a chumadh is an bunábhar do réaltaí nua a sholáthar. Bhailigh na réaltaí ina mbraislí ar a dtugtar ''réaltraí''. Tá fós an-chuid ábhair, gáis, deannaigh is réad de gach méid amuigh sa spás i mbun an bhunfhorleathnaithe ach faoi fheidhmiú ag fórsaí imtharraingthe na reann mór eile. Is réalta í ár [[An Ghrian|nGrian]] de chuid [[Bealach na Bó Finne]], [[réaltra]] ina bhfuil na mílte milliún réaltaí eile. Is iad na príomhfhianaisí go bhfuil an Chruinne á forleathnú an t-am ar fad ná an [[radaíocht]] chúlra mhicreathonnach chosmach, agus [[deargaistriú]] an [[Solas|tsolais]] a ghlacaimíd ó na réaltraí a bhfuil staidéar déanta orthu. [[Edwin Hubble]] a thairg an tsamhail seo i [[1929]].