An difríocht idir athruithe ar: "Béite-mheath"

Content deleted Content added
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Beta-minus_Decay.svg|deas|250px|thumb|Béite-mheath]]
Próiseas meata nádúrtha radaighníomhaigh ina ndíscaoileann [[neodrón]] i [[Núicléas adamhach|núicléas an adaimh]] go spontáineach ina phrótón, a fhanann sa núicléas, is ina [[leictreon]] (an [[béite-cháithnín]]), a astaítear as an adamh. Bíonn an [[fórsa núicléach lag]] taobh thiar de. Tarlaíonn astú frithneoidríonó ag an am céanna i gcónaí. Mar shampla, is béite-astaíre é stróintiam-90 le [[leathré]] 28.1 bliain.