An difríocht idir athruithe ar: "Bóthar an tSíoda"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Silk_route.jpg|deas|250px|thumb|Bóthar an tSíoda]]
Bealach (bealaí, le fírinne) ársa trádála ó [[oirthear]] na Síne go lár [[An Áise|na hÁise]] is [[an Eoraip]]. Ón 2ú céad AD chuaigh an bealach is fearr eolas air ó chathair Xi'an thar cheann iartharach an Bhalla Mhóir, ag trasnú soir [[gaineamhlach]] [[iarthar]] na Síne roimh dhul trí cathair Kashi is thar teorainn (an lae inniu) isteach sa Chirgeastáin agus tríd [[an Táidsíceastáin]], [[an Úisbéiceastáin]], [[an Afganastáin]], [[an Tuircméanastáin]], [[an Iaráin]] (ainmneacha nárbh ann dóibh ag an am, ar ndóigh) is trí chathair Hamadān i dtreo Bhagdad, as sin chuig cósta thoir [[An Mheánmhuir|na Meánmhara]], nó [[Iostanbúl]] i mblianta déanacha an Bhóthair. Mar mhalairt ar shíoda fuair [[an tSín]] fíonchaora, [[cadás]], castáin inite, [[alfalfa]] is pomagrainítí. Scaip teicneolaíochtaí na Síneach i bpórú [[leamhan]] síoda, [[bruithniú]] iarainn, déanamh páipéir is uisciú soir don Eoraip ar feadh an Bhóthair. Thug an Bóthar [[an Búdachas]] don tSín. Bhí tionchar suntasach ag trádáil an tsíoda ar gheilleagar [[impireacht na Róimhe]], mar dhéantaí íocaíocht le miotail luachmhara. Meastar go raibh cúlchiste óir na Síne níos mó faoi 10 AD ná Eoraip na Meánaoise. Is dócha gur chuir Bóthar an tSíoda le titim na Róimhe.