An difríocht idir athruithe ar: "Frederick Douglass"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 30:
 
==Éalú ón sclábhaíocht==
Rinne Frederick Douglass iarrachtaí éalú, an chéad uair ó fhear darbh ainm Freeland ar tugadh Douglass ar iasacht dó and an dara huair ó úinéir nua, Edward Covey, sa bhliain 1836. Theip air sa dá iarracht. Sa bhliain 1837 casadh Ann Murray air, bean ghorm shaor as Baltimore a bhí 5 bliana ní ba shine ná é. Ar an 3 Meán Fómhair, 1838, d'éirigh leis éalú ar bord traenach le cuidiú Murray agus duine eile. D'imigh sé ón traein agus é i Maryland go fóill. Bhí sé feistithe mar mhairnéalach agus, le cuidiú cáipéisí bréagacha, rinne sé a bhealach ó thuaidh go hindíreach trí [[Delaware]], stát eile ina raibh sclábhaíocht ar siúl, agus ansin go [[Philadelphia]] agus [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]]. Sa chathair seo mhothaigh sé go raibh sé saor. Le cabhair daonuasclóiró dhaonuasclóir ansin thug sé faoi shaol nua. Phós seisean agus Ann Murray ar 15 Meán Fómhair 1838, agus chuir siad fúthu i [[New Bedford, Massachusetts]].
[[Íomhá:Anna Murray-Douglass.jpg|mion|Anna Murray-Douglass, bhean chéile Frederick Douglass]]