An difríocht idir athruithe ar: "Umberto Eco"

Content deleted Content added
No edit summary
DaithíÓ (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 13:
| céile =
}}
Scríbhneoir agus scoláire is ea é '''Umberto Eco''', a rugadh i mbaile beag darbh ainm Allesandria i Piedmont [[An Iodáil|na hIodáile]] ar an 5 Eanáir 1932 agus a d'éag ar [[19 Feabhra]] [[2016]] i [[Milan]], i gceantar a bhí go mór faoi thionchar [[An Fhrainc|na Fraince]]. Le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]] thug a mháthair go sráidbhaile sna sléibhte é le éalú ón chogaíocht. Theastaigh óna athair, cuntasóir, go mbeadh sé ina dhlíodóir, agus cuireadh go hollscoil Torino é, ach d'éirigh sé as an dlí. Rinne sé staidéar ar [[fealsúnacht|fhealsúnacht]] agus ar [[litríocht]] na [[An Mheánaois|meánaoiseanna]], agus ghnóthaigh sé céim dochtúra le tráchtas faoi [[Thomas Aquinas]] i [[1954]].
 
Chaith Eco tamall ag obair le stáisiún raidió/teilifíse "Radiotelevisione Italiana", agus é ina léachtóir in Ollscoil Torino ag an am céanna. Foilsíodh a chéad leabhar, ''Il Problema Estetico di San Tommaso'', a bhí bunaithe ar a thráchtas, i 1956. B'éigean dó éirí a chuid oibre mar eagarthóir teilifíse mar gheall ar ualach a chuid oibre mar léachtóir, ach níorbh fhada go raibh sé ina eagarthóir neamhficsin i gcomhlacht foilsitheoireachta Casa Editrice Bopani i Milano, post a bhí aige ó 1959 go 1975. Faoi láthair tá sé ina ollamh le séimeolaíocht in [[Ollscoil Bhologna]].