An difríocht idir athruithe ar: "An Fhionlainn"

Content deleted Content added
Ord na n-alt
→‎Cultúr: ag cur leis
Líne 211:
===Ceol===
Tá an-cháil ar [[ceol clasaiceach|cheol clasaiceach]] na Fionlainne, agus clú idirnáisiúnta ar chumadóirí mar [[Jean Sibelius]] agus [[Kaija Saariaho]], amhránaithe mar [[Matti Salminen]] agus [[Karita Mattila]], agus stiúrthóirí ceoil mar [[Esa-Pekka Salonen]]. Tá caisleán Savonlinna suite ar bhruach [[Loch Saimaa]], áit a mbíonn [[Féile Opera Savonlinna]] gach bliain.
 
Cuirtear suim mhór sa [[Popcheol|phopcheol]] chomh maith, seánra tradisiúnta a thugtar ''Iskelmä'' air ach go h-áirithe. Tá gean ar leith ag na Fionlainnaigh ar rac-cheol, rac crua, agus miotal trom fiú. Tá slua mór de rac-bhannaí a bhain cáil amach sa tír agus ar fud na cruinne - [[Hanoi Rocks]], HIM, Apocalyptica, [[Lordi]], Korpiklaani, Sentenced, Sonata Arctica, Stratovarius, Turisas, Finntroll agus araile.
 
===Ailtireacht===
Tá cáil ar ailtirí na Fionlainne, freisin, mar shampla [[Eliel Saarinen]], a mhac [[Eero Saarinen]], agus [[Alvar Aalto]].
 
===Spórt===
Is é [[pesäpallo]] cluiche náisiúnta na Fionlainne. Cluiche liathróide atá ann, agus é an-chosúil le [[daorchluiche]]. Ar na cluichí is mó ó thaobh lucht féachana de ná [[haca oighir]], [[Lúthchleasaíocht|lúthchleasaíocht]], [[sciáil trastíre]], [[léimneach sciála]], agus [[Foirmle a hAon]].
 
Tá sacar ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana chomh maith.
 
== Gnó ==