An difríocht idir athruithe ar: "Micreafón"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[File:Sennheiser md421.jpg|thumb]]
 
Feiste a thiontaíonn fuaimthonnta chuig comharthaí leictreonacha le tarchur, taifeadadh is [[atáirgeadh]]. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta, ach anois úsáidtear iad go forleathan i [[Teileachumarsáid|dteileachumarsáid]], [[taifeadadh fuaime]] is cluaisíní cúnta. I ngach cineál micreafóin, nuair a imbhuaileann an fhuaimthonn é, critheann scairt i gcomhphas leis an bhfuaim agus athraíonn an ghluaiseacht ascalach seo [[friotaíocht]] (i micreafóin carbóin), [[toilleas]] (micreafóin comhdhlúthadáin), réimse leictreamaighnéadach (micreafóin dhinimiciúla is chorna), nó cruth criostail phísileictrigh (micreafóin criostail), agus i ngach cás táirgtear comhartha aschuir. Bíonn patrúin éagsúla glactha ag micreafóin éagsúla, ionas go mbíonn an micreafón uilethreoch (an íogaireacht chéanna i ngach treo), aontreoch (an íogaireacht is mó díreach os comhair an mhicreafón amach, ag laghdú go géar i ngach treo eile), nó déthreoch (íogaireacht mhaith os a chomhair is díreach taobh thiar de, laghdaithe as cuimse i ngach treo eile, i bpatrún ochtchruthach).