An difríocht idir athruithe ar: "An Fhionlainn"
Content deleted Content added
→Cultúr: ag cur leis |
→Spórt: sonraí nua |
||
Líne 218:
===Spórt===
Is é [[pesäpallo]] cluiche náisiúnta na Fionlainne. Cluiche liathróide atá ann, agus é an-chosúil le [[daorchluiche]]. Ar na
Tá an-chuid bainte amach ag lúthchleasaithe na tíre - na reathaithe [[Hannes Kolehmainen]], [[Paavo Nurmi]], [[Ville Ritola]] agus [[Lasse Virén]]; na léimneoirí sciála [[Matti Nykänen]] agus [[Janne Ahonen]]; na sciálaithe trastíre [[Veikko Hakulinen]], [[Eero Mäntyranta]], Marja-Liisa Kirvesniemi agus [[Mika Myllylä]]; an [[rámhaíocht|rámhaí]] [[Pertti Karppinen]]; an gleacaí [[Heikki Savolainen]]; na himreoirí haca oighir [[Kimmo Timonen]], [[Jari Kurri]], [[Teemu Selänne]] agus [[Saku Koivu]] agus na sciálaithe Alpacha [[Kalle Palander]] agus [[Tanja Poutiainen]]. Chomh maith le sin, tá coirn idirnáisiúnta bainte amach sa [[scátáil fhíorach]].
Bhí an Fhionlainn ina tír aíochta le haghaidh trí ollchomórtas idirnáisiúnta - mar atá Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh sa bhliain 1962 agus Craobhchomórtas Lúthchleasaíochta an Domhain sna blianta 1983 agus 2005.
Tá iomrá ar an Fhionlainn mar thír as a thagann tiománaithe den chéad scoth - [[Keke Rosberg]], [[Mika Häkkinen]], [[Kimi Räikkönen]], [[JJ Lehto]] agus [[Mika Salo]] i bhFoirmle a hAon agus na tiománaí [[railí]] [[Marcus Grönholm]], [[Mikko Hirvonen]], [[Sebastian Lindholm]], [[Juha Salo]], [[Juha Kankkunen]] agus [[Tommi Mäkinen]].
Tá [[sacar]] ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana chomh maith. Tá sacar imeartha ag peileadóirí na tíre ag leibhéal is airde na hEorpa - [[Jari Litmanen]], [[Sami Hyypiä]], [[Mikael Forssell]], [[Jussi Jääskeläinen]], [[Antti Niemi]], [[Mixu Paatelainen]] agus [[Aki Riihilahti]] san áireamh.
Cluiche eile atá ag dul i dtreis de réir a chéile ná [[cispheil]]. Ghlac foireann idirnáisiúnta na tíre páirt i gCorn Domhanda sa Spáinn sa bhliain 2014.
== Gnó ==
|