An difríocht idir athruithe ar: "Osama bin Laden"

Content deleted Content added
alah akbar
Tegel (plé | dréachtaí)
m Cealaíodh athruithe 85.31.138.196 (Plé); ar ais chuig leagan le Restu20
Líne 1:
[[Íomhá:Latest portrait of Osama bin Laden-2.jpg|mion|Osama bin Laden (c. 2010)]]
 
Ba cheannaire [[Ioslamachas|Ioslamach]] bunúsaíoch é '''Usāmah bin Muhammad bin 'Awad bin Lādin''', ({{lang-ar|أسامة بن محمد بن عوض بن لادن}}), nó '''Osama bin Laden''' agus '''Usama bin Laden''' mar is fearr aithne air. Rugadh bin Laden i [[Riyadh]], [[An Araib Shádach]] ar [[10 Márta]], [[1957]], agus maraíodh é ag fórsaí [[Mheiriceá]] ar [[2 Bealtaine]] na bliana [[2011]] sa [[an Phacastáin|Phacastáin]]. Ba de theaghlach saibhir Shádach é agus iad de bhunús na treibhe Éimeanaí Kindah. Foireann de SEALS de chuid Chabhlaigh Mheiriceá a mharaigh é go luath ar an 2ú lá mí Bealtaine. Mar gheall ar an difear idir chriosanna ama, ba go déanach ar an aonú lá den mhí chéanna i [[Washington, D.C.]] a d'fhógair an t-uachtarán [[Barack Obama]] bás Bin Laden. D'admhaigh [[al-Qaeda]] go raibh sé maraithe ar 6 Bealtaine.
 
Bhunaigh bin Laden an grúpa paraimíleatach al-Qaeda a raibh páirt acu i roinnt ionsaithe ar fud an domhain. An t-éacht ba mhó a rinneadar ná na h-ionsaithe sceimhlitheoireachta [[9/11]] i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] sa bhliain [[2001]].
Bhí bin Laden agus al-Qaeda i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát [[Iosrael]], cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathracha tábhachtacha [[Meice]] agus [[Medina]] suite (tógadh iad amach níos déanaí i [[2003]]).
Ar feadh i bhfad, ní raibh éinne cinnte cá raibh sé i bhfolach ach glacadh go forleathan go raibh sé in áit éigin in iarthuaisceart na Pacastáine. Ag an am ar maraíodh é bhí conaí air in Abbottabad, cathair i dtuaisceart na tire ní fada on bpríomhchathair, [[Islamabad]].
 
{{stumpa}}
{{DEFAULTSORT:Bin Laden, Osama}}
 
[[Catagóir:Sceimhlitheoireacht]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1957]]
[[Catagóir:Básanna i 2011]]
[[Catagóir:Ioslamachas]]
[[Catagóir:An Araib Shádach]]