An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"

Content deleted Content added
stíl Vicí I gcomhair theidil
Líne 39:
Bhí eolas údarásach aige ar litríocht agus cultúr na Gaeilge agus na hÉireann. Chuir sé le [[Ciclipéid Ghearmánach na Litríochta Domhanda]]. D'fhoghlaim sé [[Gaeilge na hAlban]], [[Breatnais]], agus [[Briotáinis]] agus d'aistrigh ón trí theanga sin go Gaeilge. Rinne sé aistriúcháin ón mBéarla is ón bh[[Fraincis]] chomh maith. Bhí eolas leathan aige ar [[Litríocht na hEorpa]] agus bhí léamh na [[Rúisis]]e, na [[Gearmáinis]]e agus na h[[Iodáilis]]e aige chomh maith le teangacha eile.<ref> Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971. </ref>
 
=== Tréimhse Imthreoranaitheimthreoranaithe sa Churrach ===
 
I Mí Aibreán [[1940]] gabhadh é tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid [[Tony Darcy]], príosúnach poblachtach a fuair bás i b[[Príosún Mhuinseo]] ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i g[[An Currach|Currach Chill Dara]] é le linn [[Ré na Práinne]] i rith [[an Dara Cogadh Domhanda|an Dara Cogaidh Dhomhanda]] ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain [[1918]] anonn. In [[Aibreán]] a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go [[26 Iúil]], [[1944]]. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil. Deir [[Alan Titley]]: ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’. Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar [[Cré na Cille]] dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo. <ref>Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.</ref>. Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. ''níl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh''.<ref>Ó Cadhain, Máirtín ‘As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad’, Sáirséal agus Dill, BÁC, 1973.</ref>. Dar le léirmheastóirí tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad).
Líne 54:
Cuireadh fáilte roimhe léachtaí a thabhairt ag Ollscoileanna timpeall na tíre. Níor tugadh cead don Chumann Seanchais agus Éigse i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é a bheith ag caint leo ann. Luann [[Breandán Ó hEithir]] an eachtra seo ina leabhar ''Over the Bar''.
 
=== Na Bliantablianta Deireanachadeireanacha ===
Chaith sé na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i g[[Coláiste na Tríonóide]].
 
Líne 77:
Áirítear na cnuasaigh ghearrscéalta [[Idir Shúgradh agus Dáiríre]] (ISD), [[An Braon Broghach (Cnuasach Gearrscéalta)|An Braon Broghach]] (ABB), agus [[Cois Caoláire]] (CC) mar luathshaothar an Chadhnaigh. Braitheann roinnt léirmheastoirí go dtaispeánann ABB teacht chun aibíochta mar scríbhneoir. Deirtear leis go bhfuil teannas le braith i scealta seo an Chadhnaigh. Díríonn an Cadhnach sna scéalta seo ar phobail faoi leith, pobail iargúlta Ghaeltachta don chuid is mó, pobail ar nós an phobail inar rugadh agus tógadh an Cadhnach féin.
 
=== Saothair Eileeile ===
 
Bhí an Cadhnach gníomhach, chomh maith, mar iriseoir agus ag scríobh aistí, atá bailithe in ''Ó Cadhain i bhFeasta'', ''Caiscín'', agus ''Caithfear Éisteacht''. Cuireadh amach comhfhreagras idir é féin san am a bhí sé i ngéibheann agus [[Tomás Bairéad]] faoin teideal ''As an nGéibheann''. Bhí sé i gcruachás amanna, ó briseadh as a phost múinteoireachta é mar gheall ar a ghníomhaíocht Phoblachtánach.
Líne 95:
I mórán de scéalta ABB cleachtann Máirtín Ó Cadhain an ‘[[réalachas sóisialta]]’.
 
== Leabhair agus Foilseacháinfoilseacháin le Máirtín Ó Cadhain ==
 
* ''[[Athnuachan]]'' Coiscéim. Baile Átha Cliath 1995 (úrscéal)
Líne 132:
[[Ó Cadhain i dTír Chonaill]] [[2007]] Cnuasach bealoidis a bailíodh i d[[Tír Chonaill]] sa bhliain [[1957]]
 
== Leabhair agus Aistíaistí faoi Mháirtín Ó Cadhain ==
 
* Ó Cathasaigh, Aindrias: Ag Samhlú Troda. Máirtín Ó Cadhain 1905-1970. [[Coiscéim]], [[Baile Átha Cliath]] [[2002]].
Líne 142:
* Titley, Alan, ‘Máirtin Ó Cadhain & Foirm an Ghearrscéil’, Comhar, Deireadh Fómhair [[1980]]. (Lgh. 34-36, 38-40.)
 
== Aistriúcháin ar a Shathaoirshathaoir ==
 
* ''Kirkegårdsjord: gjenfortellinger i ti mellomspill'' ([[Cré na Cille]]), aistriúchán [[Ioruais]]e le [[Jan Erik Rekdal]], [[1995]].
Líne 159:
{{refend}}
 
== Naisc Sheachtrachasheachtracha ==
 
* [http://www.youtube.com/watch?v=dFUsguiIm70&feature=related Físeán Gaeilge faoi thionchar an Chadhnaigh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta]