An difríocht idir athruithe ar: "Phoebe"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
 
B’é Phoebe an céad spriocréad a chasadh ar an spás taiscéalaí [[Cassini]] sa chóras[[Satarn| Shatairn]] sa bhliain 2004 agus mar sin tá a lán staidéar déanta faoi, cé gur bheag agus neamhrialta an satailít é. Roghnaíodh ám buaileadh leis agus conair an éitilt-thart seo go cúramach i bpleanáil an mhisin.
 
Tar éis na dála seo agus á chur i bhfithis níor imigh Cassiní níos faide siar ná fhithis Iapetus. Tá Phoebe bordaithe ar sféarúil agus tá rannóga ar a thaobh istigh. Is dócha mar sin go raibh sé sféarúil agus te go luath ina stair agus gur chaill sé a chruinne de thoradh iombhualadh leantach. Ceaptar gur mionphláinéadach gafa ón Chrios Cuiper é.
Fuair Phoebe a ainm ó Phoebe a bhí ina Tíotán sa mhiotaseolaíocht greagach a bhí baint leis an Ghealach aige. Tugtar Satarn IX air freisin i gcuid den litríocht eolaíochta. Déireann an IAU gor éigin gnéithe ar Phoebe a ainmniú ó dhaoine sa mhiotas gréagach de Iason agus na hArganáit. Sa bhliain 2005 ainmníodh go h-oifigiúil ceithre chráitéar ar fichid mar a leanas – (Acastus, Admetus, Amphion, Butes, Calais, Canthus, Clytius, Erginus, Euphemus, Eurydamas, Eurytion, Eurytus, Hylas, Idmon, Iphitus, Jason, Mopsus, Nauplius, Oileus, Peleus, Phlias, Talaus, Telamon agus Zetes).