An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Dheireadh Fómhair"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 71 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q42976 (translate me)
mNo edit summary
Líne 9:
== Cúlra ==
 
I Mí Feabhra [[1917]], tháinig deireadh le réimeas an t[[Sár na Rúise|Sáir]] [[Nioclás a Dó (An Rúis)|Nioclás a Dó]]. An Rialtas Sealadach a tháinig i gcumhacht ina dhiaidh sin, ní raibh sé sásta scor den chogadh. Is amhlaidh go raibh an Chéad Chogadh Domhanda in aghaidh na Gearmáine á chur ag an Rúis i gcónaí, agus an Rialtas Sealadach buartha faoin tacaíocht a bhí ag teacht ón bhFrainc agus ó Shasana. Ní raibh an cogadh ag éirí leis an Rúis, áfach, agus bhí tuirse chogaidh le haithint san arm agus i measc na cosmhuintire. I Mí an Mheithimh, [[1917]], bhain [[Alexander Kerensky]], a bhí ina Aire Cogaidh ar an Rialtas Sealadach san am sin, triail as mórionsaí le briseadh tríd an gcathéadan. Ní raibh aon mhaith sa mhórionsaí, nó d'fhan an cathéadan thoir in abar agus i bhfostú ina sheanáit ina dhiaidh sin féin, agus is é an t-aon toradh a bhí ar an iarracht ná gur cailleahcailleadh cuid mhaith saighdiúirí. Chothaigh an díomua seo míshástacht mhór i measc na saighdiúirí, rud a tháinig chun solais go soiléir, nuair a bhris scliúchais amach i g[[Cathair Pheadair]] (nó Petrograd, mar a thugtaí ar an gcathair san am) i dtús Mhí Iúil. Tháinig díorma millteanach de mhairnéalaigh faoi airm ó Kronstadt, bunáit chabhlaigh in Oileán Kotlin in aice le Cathair Pheadair, tháinig siad go dtí an chathair agus iad ag éileamh go n-éireodh an Rialtas Sealadach as, agus go rachadh comhairlí neamhspleácha na saighdiúirí agus an lucht oibre - na sóivéidíSóivéidí - i gcumhacht.
 
Nuair a bhí na círéibí seo curtha faoi chois, mhilleánaigh an Rialtas Sealadach na Boilséivigh fúthu, agus b'éigean do Vlaidimír Léinín agus Grigory Zinovyev, a gceannairí siúd, dul ar a seachnadh. Cé gurbh éigean do na Boilséivigh próifíl íseal a choinneáil go dtí Mí Mheán Fómhair, bhí stádas an pháirtí i measc radacaigh na heite clé chomh láidir is nach raibh sé in aon dainséar. Chuaigh dornán de Dhaonlathaigh Shóisialta ón eite chlé, agus iad in aghaidh an chogaidh, sna Boilséivigh i Mí Lúnasa. Bhí ról tábhachtach ag cuid acu siúd, go háirithe [[Leon Trotscaí]] agus [[Adolf Joffe]], in imeachtaí Réabhlóid Dheireadh Fómhair.