An difríocht idir athruithe ar: "Capella"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is é '''Capella''' an réalta is gile sa réaltbhuíon thuaidh [[Auriga]] agus an séú réalta is gile i spéir na hoíche ag teacht tar éis [[Vega (réalta)|Vega]]. Tá '''méid radharcach''' de '''0.08''' aige agus '''dearbhmhéid''' de '''0.296'''.
Níl '''Capella''' ina réalta amháin ach ina '''chóras réaltach''' de cheithre réaltaí ina bhfuil dhá [[chúpla dénártha]].
Tá sa chéad chúpla dhá realtaí ollmhóra de chineál -G a nglaotar Capella Aa agus Capella Ab ortha. Tá siad i bhfithis an ghearr de chianfhad 0.76 Aonaid Réalteolaíochtacha (A.R.) as a chéile agus le tréimhse fithiseach de 104 lá.
 
 
S’é [[Capella Aa]] an ceann níos gile de’n bheirt le rang speictreach G8III (G8 fathach) cé go bhfuil Ab giota beag níos lú agus é sa rang G0III (G0 fathach). Tá mais ag Aa a bhfuil níos mó faoi 3.05 ná sin de’n [[An Ghrian|Ghrian]] agus ag Ab níos mó faoi 2.57. Tá a gcorplár de bhreosla hidrigineach caite ag a mbeirt acú agus rinneadh réaltaí ollmhóra díobh ach níl sé follasach go fóill cé'n áit go beacht a bhfuil said ar an slí éabhlóideach réaltach. Ar chianfhad de 10,000 A.R. ón chéad chúpla tá an bheirt réaltai eile le fail agus iad ina dhá abhac dearg , lag, beag agus go measartha fionnuar. Tugtar Capella H agus Capella L dóibh. Tá a lán réaltaí eile a bhfuil Capella mar ainm acú ó Capella C go dtí Capella G agus ó I go dtí K ach níl said gaolta le chéile ach go bhfuil siad go léir sa réimse radharcach céanna. Ta an córas Capella go measartha in aice láithreach ar chianfhad nach bhfuil ach 42.8 solasbhlianta.