An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"
Content deleted Content added
No edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 26:
== Pearsantacht ==
Ba dhuine teasaí, ceanntréan an
Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann, is ba mhinic é ag coimhlint le [[Fianna Fáil]] is [[Fine Gael]] i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach. <ref>Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 13.</ref> <ref> Breathnach, Diarmuid, agus Ní Mhurchú, Máire, ‘1882-1982
== Saol ==
Líne 43:
I Mí Aibreán [[1940]] gabhadh é tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid [[Tony Darcy]], príosúnach poblachtach a fuair bás i b[[Príosún Mhuinseo]] ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i g[[An Currach|Currach Chill Dara]] é le linn [[Ré na Práinne]] i rith [[an Dara Cogadh Domhanda|an Dara Cogaidh Dhomhanda]] ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain [[1918]] anonn. In [[Aibreán]] a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go [[26 Iúil]], [[1944]]. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil. Deir [[Alan Titley]]: ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’. Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar [[Cré na Cille]] dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo. <ref>Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.</ref>. Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. ''níl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh''.<ref>Ó Cadhain, Máirtín ‘As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad’, Sáirséal agus Dill, BÁC, 1973.</ref>. Dar le léirmheastóirí tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad).
Thit sé amach le ceannasaíochta an IRA agus é ann. Níor chreid Ó Cadhain gur chóir tús a chuir le feachtas buamála de bharr gur cheap sé nach raibh an eagraíocht ullamh le tabhairt faoi. Thosaigh sé rang Gaeilge istigh chomh maith<ref>Bowyer Bell, 1970, 180-181</ref>, agus is iomaí Óglach de chuid an IRA a d'fhoghlaim an teanga ón gCadhnach. Is ag Máirtín a bhí an t-ardrang Gaeilge agus deirtear gurbh iontach an múinteoir é. Lár na bliana [[1943]] ceapadh é ina chathaoirleach ar an gcoiste oideachais a raibh mar chúram aige na ranganna a eagrú. Níos deireanaí an bhliain chéanna bhí baint aige le coiste a chur ar bun chun straitéis a cheapadh don IRA, nuair a scaoilfí amach na príosúnaigh ag deireadh an chogaidh. De bharr na moltaí a chuir Ó Cadhain chun cinn gur cheart na hairm a dhumpáil ar feadh píosa, caitheadh amhras air agus cuireadh ar fionraí é ón IRA in éindí le baill eile an choiste `pending court martial'. Le linn a fhionraíochta ón IRA sa champa géibhinn, bhí deis aige díriú ar a chuid scríbhneoireachta mar nach raibh dualgas air ná cead aige ranganna a mhúineadh a thuilleadh ná a eagrú. Tugadh bord agus cathaoir dó, cé nár iarr sé aon phribhléid, agus luigh sé isteach ar an
In alt lena chomhghéibheannach, [[Maitiú Ó Néill]], in eagrán speisialta den iris [[Comhar]], a foilsíodh bliain tar éis bhás Uí Chadhain, tugtar léargas ar an gcúis ar cuireadh an Cadhnach ar fionraí ón IRA sa bhliain [[1944]]. [[Comhar]], [[Deireadh Fómhair]], [[1971]] [[Faoi Ghlas ag Gaeil]] le Maitiú Ó Néill; <ref> Ó Néill, Maitiú, [[Faoi Ghlas ag Gaeil]], [[Comhar]], [[Deireadh Fómhair]], [[1971]] </ref>
:''Tús na Samhna an bhliain chéanna [1943] mhol Máirtín do [[Liam Leddy]], Ceannfort an Champa, coiste a cheapadh le staidéar a dhéanamh ar staid na gluaiseachta agus le moltaí a dhéanamh faoi céard ba cheart a dhéanamh nuair a scaoilfí saor muid. Rinneadh amhlaidh.... Bhí roinnt cruinnithe againn ach is beag an dul ar aghaidh a bhí muid a dhéanamh. Chaill Máirtín a fhoighid. Dúirt sé go scríobhfadh sé féin na smaointe a bhí aige féin faoin scéal agus go ba cheart do chuile dhuine an rud céanna a dhéanamh. Dúradh go bhfanfadh muid le scríbhinn Mháirtín i dtosach. Ag an gcruinniú dar gcionn bhí an scríbhinn faoi réir aige. Ní mó ná go maith a thaitin sé leis an gcuid is mó de na baill. Briseadh mór leis an ngluaiseacht agus leis na modhanna traidisiúnta a moladh. Airm a dhumpáil go ceann píosa. Glacadh go raibh cliste ar an iarracht mhíleata go dtí sin. Séard a theastaigh réabhlóid i gcúrsaí smaointe. Trí eagraíocht a bheith ann, ceann a bhainfeadh leis an teanga agus le cúrsaí cultúrtha, ceann a dhéanfadh bollscaireacht faoin teorainn agus an ceann míleata. Bhí an coiste ar aon intinn gur cheart a dhul tríd an doiciméad agus chuile mholadh ann a chíoradh.... B'shin é an cruinniú deireannach a bhí ann. Fuair muid amach an
Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair seo.
|