An difríocht idir athruithe ar: "Ceimiteiripe"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Chemotherapy_with_acral_cooling.jpg|deas|250px200px|thumb|Ceimiteiripe]]
Cóireáil le [[drugaí]] ar othair le galair ionfhabhtaithe (le [[frithbheathaigh]]), galair sheadánacha, agus [[ailse]]. I gcás ceimiteiripe ailse, bíonn manglam drugaí cíteatocsaineacha (drugaí a mhilleann cealla) in úsáid. Deartar an meascán chun go n-ionsóidh siad cealla mearfháis an tsiada go fabhrach, ach is fíor go n-ionsaíonn siad cealla normálta sláintiúla freisin (cealla an smeara go príomha), rud a laghdaíonn frithghníomh normálta na colainne i gcoinne ionfhabhtuithe, agus a chuireann tús le cailliúint gruaige is aimride. Tá cóireálacha forlíontacha ar fáil anois chun na fo-iarsmaí seo a mhaolú. Le ceimiteiripe is féidir go dtarlóidh masmas géar is urlacan d'othar, agus bíonn drugaí sa mhanglam chun bac a chur leis na fo-iarsmaí seo. Úsáidtear oibreáin ailcilithe cosúil le ciosplaitin, frithmheitibilítí cosúil le meititreacsáit, agus [[alcalóidigh]] mar dhrugaí cíteatocsaineacha. Úsáidtear hormóin freisin chun srian a chur ar fhás siadaí áirithe.