An difríocht idir athruithe ar: "Ceoleolaíocht"

Content deleted Content added
No edit summary
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Zlata_Koruna_Musical_instruments.jpg|deas|250px|thumb|Ceoleolaíocht]]
Is éard is '''ceoleolaíocht''' ann ná staidéar eolaíoch is scolártha ar [[Ceol|cheol]], [[Gléas ceoil|gléasanna ceoil]] is laochra ceoil, ag cuimsiú bunábhair a fháil ar ais is a [[Measúnú|mheasúnú]], staidéar ar chomhthéacs stairiúil ceoil, anailís saothar ar leith is stóir ceoil, agus an-chuid disciplíní eile. Thosaigh an cheoleolaíocht nua-aoiseach le foclóirí — mar shampla, ''Musikalisches Lexikon'' J G Walther ([[Foclóir]] Ceoil, 1732) agus Dictionnaire J-J Rousseau (Foclóir, 1768) — leabhair ar stair an cheoil, agus sainirisí. Sa [[19ú haois|19ú céad]] bhailigh scoláirí [[An Ghearmáin|Gearmánacha]] eagráin de shaothar cumadóirí suntasacha (Handel, [[Johann Sebastian Bach|Bach]], Palestrina is eile). Inniu tagann an-chuid staidéar san áireamh: palaegrafaíocht, anailís páipéir is comharthaí uisce i [[Páipéar|bpáipéar]], ceolnodaireachtaí, gléasanna ceoil, léiriú, [[cumadóireacht]] is cumadóirí, ceoltóirí, fuaimeolaíocht, [[leictreonaic]], aireachtáil dhaonna, bainistiú is a lán eile.