An difríocht idir athruithe ar: "Na teangacha Ind-Eorpacha"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 29:
* Na [[teangacha Gréagacha]], is é sin, [[an Ghréigis]] agus na leaganacha éagsúla den Ghréigis atá ann: an Ghréigis Mhicinéach ón gceathrú haois déag roimh bhreith Chríost; an Ghréigis Hóiméarach ón ochtú haois roimh bhreith Chríost ar aghaidh; canúintí éagsúla na Gréigise Clasaicí; an Ghréigis Ghinearálta nó ''koiné''; agus an Nua-Ghréigis.
 
* Na [[teangacha Iodálda]]. Ar dtús, ní raibh sa Laidin ach ceann de na teangacha éagsúla Iodálda a bhí á labhairt ar fud Leathinis na nAipiníní (Leathinis na hIodáile), nó bhí teangacha eile ann cosúil leis an Umbrais, an Oscais, an Volscais, agus an Fhalaiscis, mar shampla. Nuair a d'éirigh an Laidin coitianta ar fud na hIodáile, d'imigh na teangacha seo. Ón taobh eile de, chuir an [[Laidin]] féin tús le sraith de theangacha Rómánsacha: an [[Fraincis|Fhraincis]], an [[Spáinnis]], an [[Catalóinis|Chatalóinis]], an [[Iodáilis]], an [[Rómáinis]], agus a lán eile (mar shampla [[An Rómainis]] s[[an Eilvéis]].).
 
* Na [[teangacha Ceilteacha]]: [[an Ghaillis]], [[an Leapóintis]] agus a lán teangacha marbha eile a bhí á labhairt sa tseanársaíocht i Mór-Roinn na hEorpa, chomh maith leis na teangacha nua-aimseartha: [[Gaeilge na hÉireann]], [[Gaeilge na hAlban]], [[Gaeilge Mhanann|an Mhanainnis]], [[an Bhreatnais]], [[an Bhriotáinis]] agus [[an Choirnis]].