An difríocht idir athruithe ar: "Santa Monica, California"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion|225px|Santa Monica Cathair chois chladaigh in iarthar Chontae Los Angeles, i gCalifornia, is ''...'
 
No edit summary
Líne 3:
Cathair chois chladaigh in iarthar [[Contae Los Angeles|Chontae Los Angeles]], i g[[California]], is '''Santa Monica'''. Tá an chathair ainmnithe i ndiaidh [[Naomh Monica|Monica]], naomh [[Críostaíocht|Críostaí]]. Tá sí suite ar Bhá Santa Monica ar an taobh thiar. Tá cathair [[Los Angeles]] ar na trí thaobh eile: is í Pacific Palisades an chomharsanacht ó thuaidh, Brentwood ar an oir thuaisceart, Sawtelle ar an oirthear, Mar Vista thoir ó dheas, agus Venice ó dheas. Tá clú ar Santa Monica as a comharsanachtaí d'aonteaghlaigh rachmasacha, ach tá a neart comharsanachtaí atá lán le ''condominioms'' agus árasáin chomh maith. Bhí 89,736 duine ina gcónaí i Santa Monica i 2010, títhíocht ar cíos ag an dá thrian díobh.
 
Gaspar de Portolà de Rovira an chéad Eorpach a leag cos ar an áit ina bhfuil Santa Monica inniu. Ba shin sa bhliain 1769. De bharr na haeráide, tháinig tóir ar Santa Monica mar bhaile saoire go luath san 20ú haois. Tháinig ráth ar an gcathair arís ag tosú sna 1980idí mar thoradh ar athbheochan an lár trádála. D'fhás an eacnamaíocht, an turasóireacht go háirithe. Déanann a lán daoine triall ar Phiara Santa Monica. Bhí 417 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 1880, 3,057 sa bhliain 1900, 71,595 sa bhliain 1950 agus 84,084 sa bhliain 2000.