An difríocht idir athruithe ar: "Clórafluaracarbóin"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Comhdhúile saorga ceimiceacha (''CFCanna'') a úsáidtear mar ábhair cuisnithe i gcuisneoirí is córais aerchóirithe, ábhair tuaslagtha is tiomána in aerosóil, a...'
 
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Future_ozone_layer_concentrations.jpg|deas|250px|thumb|Clórafluaracarbóin]]
Comhdhúile saorga ceimiceacha (''CFCanna'') a úsáidtear mar ábhair cuisnithe i gcuisneoirí is córais aerchóirithe, ábhair tuaslagtha is tiomána in aerosóil, agus i ndéanamh cúrphlaisteach cosúil le polaisteiréin. Nuair a sceitear CFCanna san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]], snámhann siad suas gan aon athrú tríd an [[trópaisféar]] agus tiubhaíonn sa [[strataisféar]]. Ansin imoibríonn [[solas]] [[An Ghrian|na Gréine]] orthu, rud a scoilteann [[clóirín]] amach uathu, ach ar uainíocht imoibríonn an clóirín seo ar an [[ózón]], á mhilleadh is á ídiú. De bhrí gur sceitheadh an-chuid CFCanna san atmaisféar, agus go sceitear fós, tá laghdú suntasach tar éis tarlú don [[Ciseal ózóin|chiseal ózóin]] a chosnaíonn [[dromchla]] [[An Domhan|an Domhain]] ar an [[radaíocht ultraivialait]] (UV) a thagann ón nGrian. Measann eolaithe de chuid na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] go dtarlóidh méadú 3% ar ailsí craicinn nach [[meileanóma]] iad i ndaoine geala in aghaidh gach 1% de laghdú san ózon. Tarlóidh méadú suntasach ar mheileanóma marfach, catarachtanna súl, agus dochar don [[Córas imdhíonach|chóras imdhíonach]]. Meastar freisin go méadóidh an solas ultraivialait breise [[truailliú]] an aeir ag dromchla an Domhain, agus go gcuirfidh sé isteach ar phlandaí, [[Ainmhí|ainmhithe]] is orgánaigh aoncheallacha uisciúla. Tá an-chuid [[rialtas]] ag iarraidh stop a chur le déanamh na n-ábhar seo, ach níl sé cinnte fós go mbeidh tíortha móra an 3ú Domhan in ann an rud céanna a dhéanamh. Muna ndéanfar, is baol go leanfaidh ídiú an ózóin.