An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"
Content deleted Content added
Líne 67:
== Sinn Féin á Insíothlú ==
Tháinig athrú mór ar dhearcadh an phobail i leith na gceannairceoirí, nuair a cuireadh na cinnirí chun báis. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag formhór mór na nÉireannach orthu gur lucht tarraingthe achrainn a bhí iontu nach raibh ach ag déanamh dochair do chás na hÉireann. Na cimí a scaoileadh saor sa deireadh, thosaigh siad ag atheagrú agus ag athfhruiliú fórsaí Poblachtacha, agus fuair [[Sinn Féin]] tolgadh an deargnáisiúnachais uathu. Íorónta go leor, ní raibh Sinn Féin ag an am sin leath chomh radacach agus a shíl na Gaill. A mhalairt ar fad, bhí an páirtí sásta glacadh leis an monarcacht féin, agus níor ghlac sé páirt ar bith san Éirí Amach, mar pháirtí, cibé céard a chuir na nuachtáin Shasanacha ina leith. Na cinnirí náisiúnaíocha a tháinig slán as an Éirí Amach, d'insíothlaigh siad Sinn Féin agus chuir siad ruaigeadh ar an dream monarcach a bhí ina measc siúd i gceannas ar an bpáirtí roimhe sin.
Inniu féin, is minic a chuirtear an cheist, cén cineál cor a chuirfeadh na Sasanaigh i gcinniúint na hÉireann, dá staonfaidís ó chinnirí an Éirí Amach a chur chun báis in Earrach na bliana 1916.
|