An difríocht idir athruithe ar: "An Chasacstáin"

→‎Stair: nasc le teacht
(→‎Stair: nasc le teacht)
 
== Stair ==
Tá áitreabh daonna sa Chasacstáin ón gClochaois anuas. Sa chuid ba mhó den tír, ba lucht fáin iad na cónaitheoirí, agus iad ag taisteal timpeall ar lorg féaraigh dá gcuid ainmhithe. Is é is dóigh lena lán staraithe gurb anseo ba thúisce a ceansaíodh an capall. Cé go raibh seanchathracha cosúil le [[Taraz]] agus Hazrat-e-Turkestan ina stáisiúin thábhachtacha acu siúd a bhí ag leanúint [[Bóthar an tSíoda|Bhóthar an tSíoda]] i dtreo na [[An tSín|Síne]], níor thosaigh an comhdhlúthú polaitiúil i ndáiríre sula ndearna na Mongólaigh ionradh ar na bólaí seo i dtús na tríú haoise déag. Faoi cheannas na Mongólach, roinneadh an Chasacstáin ina cúigí nó ina ceantair riaracháin, agus sa deireadh, tháinig Mathshlua Ak, nó Cánacht na gCasacach, ar an bhfód, mar chineál stát.
[[Íomhá:Nursultan Nazarbayev 1997.jpg|mionsamhail|clé|Nursultan Nazarbayev - Uachtarán na Casacstáine]]
 
I ndiaidh bhás [[Iósaf Stailín|Stailín]], chrom [[Nikita Khrushchev]] ar scéim uaillmhianach mhíntíreachais le steip na Casacstáine a iompú ina machaire méith curadóireachta. Níor éirigh leis an scéim ach go lagmheasartha, ach mar sin, ba tús é don fhorbairt mhór a rinneadh ar earnáil na talmhaíochta sa Chasacstáin ina dhiaidh sin, agus is í an talmhaíocht an tslí bheatha is tábhachtaí sa tír i gcónaí.
 
Sna hochtóidí, bhí an mhíshástacht ag dul i méadaíocht sa tír, agus an ghlúin óg, ach go háirithe, ag cur in aghaidh an rialtais Shóivéadaigh. I Mí na Nollag 1986, d'iompaigh léirsithe na mac léinn in Almaty ina scliúchais, agus chuir na trúpaí Rúiseacha an míshuaimhneas faoi chois go míthrócaireach. Fuair níos mó ná céad duine óg bás, agus cimíodh cuid mhór eile. Is gnách "Zheltoqsan" a thabhairt ar an gceannairc seo, ós é sin an focal Casaicise a chiallaíonn "[[Mí na Nollag]]".
 
== Timpeallacht ==
21,698

edits