An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
leagan amach
chlib amháin: Mobile edit
nasc srl
Líne 3:
| íomhá = Sean ocasey 1924.jpg{{!}}160px
| ceannteideal = Ó Cathasaigh sa bhliain 1924
| dáta_breithe = [[30 Márta]], [[1880]]
| áit_bhreithe = [[Baile Átha Cliath]], [[Éire]]
| dáta_báis = [[18 Meán Fómhair]], [[1964]]
| áit_bháis = [[Torquay]], [[Sasana]]
| náisiúntacht = Éireannach
| gairm = Drámadóir, scríbhneoir
Líne 12:
Drámadóir Éireannach ab ea é '''Seán Ó Cathasaigh''' ([[Béarla]]: ''Seán O'Casey'', [[30 Márta]] [[1880]] - [[18 Meán Fómhair]] [[1964]]). [[Náisiúnachas|Náisiúnaí]] agus [[Sóisialachas|Sóisialaí]] a bhí ann, agus bhí sé ar an chéad mhórdhrámadóir Éireannach a scríobh faoi shaol an [[lucht oibre]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Is iad na bancharachtair ina chuid drámaí, agus an craiceann inchreidte atá orthu, is mó a thuill a chlú dó.
 
== A Chéadchéad Óigeóige ==
 
Saolaíodh Seán Ó Cathasaigh (''John Casey'', san am sin) ar a 85 Sráid Dorset Uachtarach i dTuaisceart Lár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]]. Is minic a shíltear gur tháinig sé ar an bhfód i gceann de thionóntáin na mbocht a mbíonn an saol iontu á chardáil ina chuid drámaí. Le fírinne, áfach, breac-mheánaicme ab ea iad a mhuintir. [[Protastúnachas|Protastúnach]] a bhí ann, nó bhí sé ina bhall d'[[Eaglais na hÉireann]]. B'as [[Contae Chill Mhantáin]] dá thuismitheoirí ó thús, agus bhí a athair ag obair ina fhear cothabhála sa teach ina raibh cónaí orthu in áit cíos a íoc.
Líne 20:
Ina mbuachaillí óga dóibh, chuireadh Seán agus a dheartháir mór, Archie, drámaí le [[Dion Boucicault]] agus le [[William Shakespeare]] i láthair sa bhaile. Rinne Seán páirt bheag in Amharclann na Meicneoirí, san áit a bhfuil [[Amharclann na Mainistreach]] inniu, ar an ''Shaughraun'' le Boucicault.
 
== Cúrsaí Polaitíochtapolaitíochta ==
 
Ó bhí sé ag cur tuilleadh spéise sa náisiúnachas in imeacht an ama, chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain 1906, agus d'fhoghlaim sé [[Gaeilge]]. Thairis sin, d'fhoghlaim sé na píoba uilleann a sheinm, agus é ar dhuine acu siúd a bhunaigh Buíon Cheoil Naomh Labhráis Uí Thuathail. Bhí sé ina rúnaí don cheolfhoireann seo chomh maith. Chuaigh sé i m[[Bráithreachas na Poblachta]], agus ghlac sé páirt in obair [[Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann|Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann]], an ceardchumann a bhunaigh [[Séamas Ó Lorcáin|Seámus Mór Ó Lorcáin]] le haire a thabhairt do leas na n-oibrithe neamhoilte a raibh cónaí orthu i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath.
Líne 38:
D'iompaigh [[Alfred Hitchcock]] ''Juno and the Paycock'' ina scannán mór-ratha. Sa bhliain 1959, cheadaigh an Cathasach don cheolchumadóir Mheiriceánach [[Marc Blitzstein]] ceoldráma a dhéanamh de ''Juno and the Paycock'', faoin teideal ''Juno''. Níor éirigh leis an gceoldráma, nó bhí na léirmheastóirí den tuairim go raibh an dráma ródhuairc le haghaidh ceoldrámadóireachta. Mar sin féin, meastar gur cuid den cheol is fearr a chum Blitzstein riamh is ea é ceol an dráma seo. Cé go bhfuair Blitzstein faomhadh an Chathasaigh, ní dhearna an scríbhneoir, a bhí naoi mbliana déag is trí scór d'aois faoin am sin, aon iarracht le bheith i láthair ag léiriú an cheoldráma. Cé go bhfuil an ceol agus an dráma thar barr ar fad, níor éirigh le haon duine ina dhiaidh sin an ceoldráma a athbheochan ar an stáitse.
 
== Na Bliantablianta i Sasana ==
 
Sa bhliain 1929, dhiúltaigh [[William Butler Yeats]] an ceathrú dráma leis an gCathasach, ''The Silver Tassie'', a léiriú in Amharclann na Mainistreach. Bhí an drámadóir faoi léan cheana féin ag an bhfreagra borb a fuair ''The Plough and the Stars'', agus chinn sé ar shlán a fhágáil ag an amharclann sin go deo. Shocraigh sé síos i Sasana, agus b'ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol.
Líne 51:
 
== Saothair ==
Drámaí (Anan chéad léiriú)
* The Shadow of a Gunman (Amharclann na Mainistreach 1923)
* Juno and the Paycock (Amharclann na Mainistreach 1924)
Líne 66:
 
 
Drámaí: Gníomh Amháin (Anan chéad léiriú)
* Kathleen Listens In (Amharclann na Mainistreach 1923)
* Nannie's Night Out (Amharclann na Mainistreach 1924)
Líne 75:
 
 
Scéal a Bheathabheatha :
* I Knock at the Door (1939)
* Pictures in the Hallway (1942)