An difríocht idir athruithe ar: "Colaistéaról"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Cholesterol.svg|deas|250px|thumb|Colaistéaról]]
Ceimiceán [[stéaróideach]] atá mar chomhpháirt in an-chuid bianna, go mór mór bianna saille. Má bhíonn [[tiúchan]] an cholaistéaróil i bhfuil duine ró-ard, is féidir go dtarlóidh deascadh taobh istigh de bhallaí na n-artairí a chúngaíonn is a stalcann iad, staid ar a dtugtar ''scléaróis artaireach''. Tá dhá shaghas colaistéaróil ann: [[lipeapróitéin ard-dlúis]] (HDL), agus [[lipeapróitéin ísealdlúis]] (LDL). Meastar go gcuireann an lipeapróitéin ísealdlúis go mór leis an deascadh dochrach sna hartairí, agus go gcabhraíonn an lipeapróitéin ard-dlúis leis an gcolaistéaról a ghlanadh amach ó imshruthú na [[Fuil|fola]] isteach san [[ae]], ag laghdú priacal an [[Galar croí|ghalar croí]]. Má bhíonn duine cúramach bianna gan mórán saille [[sáithithe]] nó uibheacha a ithe, coimeádann sé sin tiúchan an cholaistéaróil san imshruthú sách íseal. Is é an ghnáth-thuiscint go bhfuil cóimheas idir LDL is HDL sa bhfuil níos lú ná 4.5 inmhianaithe, ach go bhfuil priacal galar croí thar an gcoiteann ann má bhíonn an cóimheas níos mó ná sin.