An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
Tyuiop (plé | dréachtaí)
Tyuiop (plé | dréachtaí)
Líne 45:
Fuair muintir na 26 chontae faill vóta a chaitheamh ar an [[18 Meitheamh]] [[1922]] chun a rá an nglacfaidís leis an gConradh nó nach nglacfadh. Mar sin, chuaigh dhá chineál [[Sinn Féin]] chuig na toghcháin : iad siúd a bhí ag cur in aghaidh an Chonartha agus iad siúd a bhí ag taobhú leis an gConradh agus leis an Saorstát.
 
B'iad na páirtithe a bhí ag tacú leis an gConradh a bhain an toghchán go soiléir. Seo a leanas torthaí an toghcháin<ref>Cowman, Des -(1991), '''Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach''', (An Gúm 1991).</ref>:
Páirtithe ar thaobh an Chonartha – timpeall 486,000 vóta (239,193 do 'Sinn Féin ar son an Chonartha');
Páirtithe in éadan an Chonartha -133,864 vóta.
Fuair [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Páirtí an Lucht Oibre]] 132,570 vóta ach gan polasaí soiléir ar stádas Thuaisceart Éirean.
 
Ní raibh na Poblachtánaigh sásta leis an toradh. Ní raibh sé de cheart ag an tromlach daonlathach féin a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe leis an gcúis chontráilte, a mhaígh de Valera<ref>Is cosúil go ndúírt De Valera "the majority have no right to do wrong", luaite sa leabhar '''Ireland 1868–1966''', M.E. Collins (1991), Ireland 1868–1966, p. 297 (EDI).</ref>.
 
Idir an dá linn, bhí an Coileánach agus a Rialtas Sealadach ag cur cuma agus caoi ar an Saorstát nua, agus iad ag féachaint le constáblacht agus arm ceart náisiúnta a chur in áit na nÓglach. Ós rud é, áfach, go raibh sé beartaithe ón tús go mbeadh na hÓglaigh ina ndúshraith d'fhórsaí armtha na hÉireann, b'acusan a fágadh an chuid ba mhó de bheairicí agus de threalamh cogaidh na Sasanach. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1922, bhí beairicí na tuaithe ag na frith-Chonraitheoirí, agus an Rialtas Sealadach fágtha i muinín [[Bhaile Átha Cliath]] agus cúpla dúnfort eile, ar nós an Longfoirt, ina raibh mórchuid na nÓglach áitiúil ag tacú leis an gConradh.