An difríocht idir athruithe ar: "Litir (aibítir)"

Content deleted Content added
Íomhá
No edit summary
 
Líne 1:
[[Íomhá:Letterkaartjes.JPG|mion|Litreacha ar chártaí]]
Carachtar scríofa, nó graiféim, is ea '''litir''' a úsáidtear i gcóras aibítre cosúil leis an leagan den aibítir Rómhánach a úsáidtear sa [[Gaeilge|Ghaeilge]]. Úsáidtear litreacha leis an iliomad [[teanga]]cha a scríobh, agus is féidir aibítir a chur in oiriúint do theanga ar bith, rud a dhéantar mar áis foghlamtha nó foghraíochta i gcomhair theangacha nach scríobhtar le aibítir sa ghnáthshaol cosúil leis an t[[Seapáinis]]. Go ginearálta, cuireann litreacha fóinéimí (aonaid fhoghraíochta) de chuid teanga labhartalabhartha in iúl, cé gur annamh a bhíonn comhfhreagairt bheachtlánbheacht idir litreacha agus fónéimí i dteanga.
 
Tá aibítreacha ann nach aibítreacha Rómhánach iad. Dhá cheann ar fiú a lua ná córais na h[[An Araibis|Araibis]]e agus na h[[Eabhrais]]e. ''Abjad'' a thugtar ar an gcineál aibítre sa dá theanga. In ''abjad'' ní scríobhtar ach consain na teangan agus fágtar na gutaí ar lár de ghnáth. Tá córais eile ann ina gcuireann na comharthaí scríofa siollaí in iúl mar Hiragana agus Katakana na Seapáinise. "Siollagraim" a thugtar uaireanta ar na comharthaí seo. I dteangacha dála na [[An tSínis|Sínise]] úsáidtear comharthaí a chuireann focail i gcéill; "logagraim" a thugtar orthu seo go minic.